An difríocht idir athruithe ar: "Trá na Sasanach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is láthair stairiúil in aice le [[Baile an Sceilg]] i g[[Ciarraí Theas]] í '' ''Trá na Sasanach'''. Bhí craobhacha éagsúla de Mhuintir Uí Shúilleabháin scaipthe ar fuaid iardheisceart na hÉireann le linn an chéad leath den 17ú haois. Bhí ceann des na craobhacha seo lonnaithe i gCaisleán Fhormaoil i mBaile an Sceilg agus an Captaen Eoin O Súilleabháin Mór i gceannas orthu. Le linn Plandáil Chromail (1649-1653), dhiúltaigh an Captaen Ó Súilleabháin Mór géilleadh do Rialtas Shasana. Ansin bheartaigh fórsaí Shasana O Súilleabháin a chur faoi smacht agus thugadar féna chuid tailte a ionsaí.
Chuige seo d'fhág cabhlach de 3 nó 4 long Bá Thrá Lí chun tabhairt fén ionsaí. Chrochadar ancaire i mBá na Scealg go luath ar maidin. Ansin chuireadar 160 fear i dtír roimh bhriseadh an lae. Tháinig na mairnéalaigh seo aniar aduaidh ar mhuintir na háite agus bhailíodar leo pé creach a d'fhéadfaidís lámh a leagan uirthi. Thiomáineadar stoic agus ainmhithe cois trá chun iad a chur ar bord loinge. Ghabhadar buíon den chosmhuintir agus thógadar iad mar ghialla chomh maith.
Bhíodar díreach réidh chun na hainmhithe agus an chreach a thógaint ar bord nuair a tháinig an Captaen Eoin Súilleabháin agus a chuid fórsaí ar an bhfód. Thug sé ordaithe don dá chaptaen a bhí ina theannta iad féin a chur i bhfeac -an Captaen Ó Braonáin ar an dtaobh thoir den tráigh agus an Captaen Mac Suibhne ar an dtaobh thiar. Bhain an Captaen Eoin Ó Súilleabháin agus a chomplacht leas as claí mar fhalla cosanta, chun fogha a thabhairt faoi fhórsaí Shasana.