An difríocht idir athruithe ar: "Trá na Sasanach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is láthair stairiúil in aice le [[Baile an Sceilg]] i g[[Ciarraí Theas]] í '''Trá na Sasanach'''. Bhí craobhacha éagsúla de Mhuintir Uí Shúilleabháin scaipthe ar fud iardheisceart na hÉireann le linn an chéad leath den 17ú haois. Bhí ceann des na craobhacha seo lonnaithe i gCaisleáng[[Caisleán Fhormaoil]] i mBaile an Sceilg agus an [[Captaen Eoin Ó Súilleabháin Mór]] i gceannas orthu. Le linn Plandáil [[Cromail|Chromail]] (1649-1653), dhiúltaigh an Captaen Ó Súilleabháin Mór géilleadh do Rialtas Shasana. Ansin bheartaigh fórsaí Shasana Ó Súilleabháin a chur faoi smacht agus thugadar féna chuid tailte a ionsaí.
Chuige seo d'fhág cabhlach de 3 nó 4 long Bá [[Trá Lí|Thrá Lí]] chun tabhairt fén ionsaí. Chrochadar ancaire i m[[Bá na ScéalScealg]] go luath ar maidin. Ansin chuireadar 160 fear i dtír roimh bhriseadh an lae. Tháinig na mairnéalaigh seo aniar aduaidh ar mhuintir na háite agus bhailíodar leo pé creach a d'fhéadfaidís lámh a leagan uirthi. Thiomáineadar stoic agus ainmhithe cois trá chun iad a chur ar bord loinge. Ghabhadar buíon den chosmhuintir agus thógadar iad mar ghialla chomh maith.
Bhíodar díreach réidh chun na hainmhithe agus an chreach a thógáil ar bord nuair a tháinig an Captaen Eoin Súilleabháin agus a chuid fórsaí ar an bhfód. Thug sé ordaithe don dá chaptaen a bhí ina theannta iad féin a chur i bhfeac - an Captaen Ó Braonáin ar an taobh thoir den trá agus an Captaen Mac Suibhne ar an taobh thiar. Bhain an Captaen Eoin Ó Súilleabháin agus a chomplacht leas as claí mar fhalla cosanta, chun fogha a thabhairt faoi fhórsaí Shasana.
 
Line 6 ⟶ 7:
Buadh go tubaisteach ar thrí chomplacht Shasana. Maraíodh nó goineadh go dona a bhformhór agus éinne a d'fhan beo ghéilleadar go humhal. B'é an Captaen Edward Voclier a bhí mar chaptaen ar na Sasanaigh. Fear cróga ab ea é agus throid sé go fíochmhar. Goineadh é l0 n-uaire ach d'éirigh leis a chosa a thabhairt leis agus chuaigh sé í mbun snámha. Thóg bád dá chuid féin ar bord é.
Theastaigh ó chuid de mhairnéalaigh Shasana na gialla Éireannacha a bhí acu a chrochadh. Níor aontaigh Captaen Voclier leis seo. Dúirt sé gur cath cothrom macánta a bhí ann agus shaoraigh sé na gialla. Tugadh a shaighdiúirí féin a bhí gointe ar ais dó. Maraíodh thart ar 30 de na Gaeil agus goineadh níos mó ná an uimhir sin. Faraor chuir an gortú a fuair an Captaen Ó Súilleabháin deireadh lena shaol mar shaighdiúir.
Is de bharr an chatha seo a tugadh Trá na Sasanach ar an trá seo. Nuair a fuair Rialtas Shasana cuntas ar an gcath, bheartaíodar dún cosanta a thógáil in [[Oileán Dairbhre]] sa bhliain [[1653]] - san áit ina bhfuil an Tigh Solais anois, agus thógadar dún cosanta eile sa [[Neidín]]. Cuireadh buíon mhór saighdiúirí ar garastún sa dá dhún cosanta seo chun Ó Súilleabháin a smachtú agus a chur faoi chois.
 
[[catagóir:Áiteanna i gCiarraí]]
[[catagóir:Láithreacha stairiúla i gCiarraí]]