An difríocht idir athruithe ar: "Henri Becquerel"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
Sa bhliain 1892 tháinig Becquerel i seilbh Ollúnacht na Fisice i Muséum National d'Histoire Naturelle, ollúnacht a bhí ag a athair agus a sheanathair roimh a lá féin. Dhá bhliain ina dhiaidh sin ceapadh ina Phríomh-Innealtóir é do Roinn na nDroichead agus na nArdbhealaí, agus níor chrom sé ar a chuid turgnamh eolaíochtúil ach ina dhiaidh sin. Ba iad na rudaí ba mhó a spreag a shuim ná plánpholarú an tsolais agus an mhéarnáil (an fhosfaracht) agus an dóigh a n-ólann na criostail solas chucu (ionsúchán an tsolais). Rinne Becquerel taighde ar réimsí maighnéadacha an Domhain nuair a bhí sé ina ábhar óg eolaí.
 
An dóigh a ndearna Becquerel fionnachtain na radaighníomhaíochta is sampla é den rud ar a dtugtar seirindipíocht, is é sin, an t-ádh a bhíonn leis an duine a bhfuil a intinn ullmhaithe roimh ré. Bhí suim aige riamh san fhosfaracht, is é sin, an réad a bheith ag astú solais nach bhfuil ar aon dath leis an solas a shúigh an réad céanna isteach roimhe sin. I dtús na bliana 1896 bhí Becquerel ar duine acu siúd a chuaigh chun díograise faoi na x-ghathanna a bhí díreach aitheanta ag Konrad Röntgen. Thosaigh Becquerel ag déanamh taighde ar cibé baint a bheadh ag an bhfosfaracht leis na gathanna nua seo. Bhí a fhios aige go raibh fosfaracht i salainn úráiniam, agus é ag déanamh go bhféadfadh na salainn úráiniam x-ghathanna a astú dá bhfloscfaí le solas geal gréine iad.
 
Sa bhliain 1896 tháinig sé ar an gconclúid nach raibh luchtú d'aon chineál i gceist agus go raibh an fhosfaracht ag teacht as an úráiniam féin - is é sin, nach raibh floscadh ná luchtú le fuinneamh ón taobh amuigh de dhíth. Spreag an tuiscint seo taighde ar an radaighníomhaíocht, agus go gairid ina dhiaidh sin fuair Becquerel amach go raibh an tóiriam radaighníomhach chomh maith. Maidir le Marie agus Pierre Curie, d'fhionn siad dhá dhúil radaighníomhacha eile, mar atá, an raidiam agus an polóiniam. De thoradh an taighde seo, d'fhoilsigh Becquerel seacht n-alt faoi chúrsaí radaighníomhaíochta sa bhliain 1896. Ó bhí Becquerel cleachtach ar an leictreachas agus ar an maighnéadas, ba dhual dó triail a bhaint as réimsí maighnéadacha chomh maith agus an radaíocht radaighníomhach ag dul tríothu. Fuair sé amach go raibh trí chineál radaíochta ann: ceann a raibh lucht leictreach deimhneach aige, ceann eile a raibh lucht diúltach aige, agus ceann a bhí neodrach ó thaobh an leictreamhaighnéadais de.