An difríocht idir athruithe ar: "Rac-cheol"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 23:
 
=== 1970idí ===
Ar thaobh amháin, thosaigh rac-cheol ag éirí níos crua sna [[1970idí]]. Tugtar [[rac-cheol crua]] ar an bhforbairt seo, nó [[miotal trom]]. I measc na príomhghrúpaí a cuireadh sa chatagóir seo ná [[Black Sabbath]], [[Led Zeppelin]], [[Deep Purple]], [[Judas Priest]], [[Uriah Heep]], [[Alice Cooper]], [[AeromsithAerosmith]], [[Thin Lizzy]], [[Queen]] agus [[AC/DC]]. Airítear gurb é Black Sabbath ó Shasana an chéad ghrúpa a sheinn an rac-cheol trom-mhiotalach, fuaim a bhí níos callánach, dorcha agus feargach. Go forleathan, níor thaitin an seánra seo leis na gcriticí ar chor ar bith, agus thit sé i laige ag deireadh na seachtóidí. Bhí athnuachan, áfach, sa bhliain [[1978]] nuair a sheol na Meiriceánaigh [[Van Halen]] a gcéad albam.
 
Agus rac-cheol ag fás as cuimse fós, thapaigh rac-cheoltóirí an deis chum ceolchoirmeacha ollmhóra a chuir ar siúl i staideanna spóirt os comhair ná mílte duine. Aithnítear The Beatles mar an grúpa a chuir tús leis an nós seo, agus iad ag ceol i [[Staid Shea]] sna seascaidí. Glaodh [[rac-cheol airéineach]] air, agus bhrúigh grúpaí ar nós Led Zeppelin, The Who, The Rolling Stones, [[Pink Floyd]], Aerosmith, [[Boston (rac-bhanna)|Boston]], [[REO Speedwagon]] agus [[Journey]] é go dtí leibhéal mór nua.