An difríocht idir athruithe ar: "Neon"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
Faoi ghnáth-imthoscaí, níl dath ar bith sa neon, ach is féidir é a úsáid le [[solas]] [[dearg]] a ghineadh i bhfeadáin folús-díluchtúcháin agus i neonlampaí.
 
Is féidir neon a úsáid le haghaidh cuisniú freisin. Baintear as an aer é le freastal ar riachtanaisí na [[teicneolaíocht]]<nowiki/>a, ach níl sé flúirseach san [[atmaisféar]]. Is é céatadán an neoin in aer tirim ná 0.001818.
 
Tá trí [[iseatóp]] cobhsaí aige, mar atá, <sup>20</sup>Ne, <sup>21</sup>Ne agus <sup>22</sup>Ne, agus is é an chéad cheann acu an ceann is fairsinge: 90.48 % de neon an dúlra. Is é an dara ceann acu an ceann is teirce, mar atá, 0.27 %. Is é an t-iseatóp radaighníomhach is cobhsaí dá bhfuil ag an neon ná <sup>24</sup>Ne, agus is é an leathré atá aige ná trí nóiméad agus trí soicinde is fiche. Chomh gearrshaolach is atá sé, níl oiread is iarsma de le fáil sa dúlra.
 
[[Íomhá:Electron shell 010 Neon.svg|200px|thumb|right]]