An difríocht idir athruithe ar: "Argón"

Content deleted Content added
cata.
No edit summary
Líne 10:
}}
Is é an t-'''argón''' [[dúil cheimiceach]] [[Uimhir adamhach|uimhir]] a 18, agus is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná '''Ar'''. Is [[triathghás]] é, agus é i bhfad níos coitianta sa dúlra ná na triathgháis eile, nó is é an céatadán atá aige ná 0.934 % den atmaisféar (de réir na toirte, níos mó ná a haon faoin gcéad de réir an mheáchain). Mar is dual do na triathgháis, tá ochtréad iomlán de leictreoin ar an sceall is faide amuigh aige, rud a chiallaíonn nach bhfuil gá aige le himoibriú a dhéanamh ná naisc a cheangal leis na dúile eile. Is féidir dul i dtuilleamaí an fhluairín le [[Comhdhúil|comhdhúile]] argóin a chruthú, ach bíonn na comhdhúile seo an-éagobhsaí. Tugann áirimh theoriciúla le fios gur chóir go mbeadh comhdhúile áirithe ag an argón a bheadh cobhsaí, fiú le gnáth-theocht an tseomra, ach níor éirigh le haon cheimiceoir na comhdhúile teoiriciúla seo a shintéisiú. Úsáidtear teocht tríphointe an argóin (83.8058 K) mar chaighdeán ar scála idirnáisiúnta na teochta ón mbliain [[1990]] i leith.
 
Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, <sup>40</sup>Ar (99.604 % d'argón an dúlra), <sup>38</sup>Ar (0.063 %), agus <sup>36</sup>Ar (0.334 %). Is toradh do bheite-mheath radaighníomhach an iseatóip úd <sup>40</sup>K den photaisiam é an t-iseatóp is coitianta de chuid an argóin.
 
Baintear úsáid as argón i bhfoirm leachta i gcrió-mháinliacht - is é sin, cuisnítear na cealla ailse le hargón fuar. Is é an t-argón an triathghás is coitianta agus an ceann is saoire, nó faightear mar sheachthoradh é nuair a bhítear ag scaradh na nítrigine agus na hocsaigine le chéile. Mar sin, is é an triathghás is mó a úsáidtear, fiú le freastal ar riachtanaisí a mbeadh triathghás éigin eile ní b'fhóirsteanaí dóibh.