An difríocht idir athruithe ar: "Triathghás"

Content deleted Content added
Eag. ghinearálta
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:He-TableImage.svg|300px|mion|He- Tábla]]
Is iad na '''triathgháis''' an grúpa nialasach nó deireanach ar [[Tábla peiriadach|chlár peiriadach na ndúl]]. Tugtar ''gáis thámha'' orthu freisin. Is gáis iad go léir ag gnáth-theochtaí. Cheaptaí ar feadh i bhfad nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile ceimiceacha, agus is ar an ábhar seo a tugadh an aidiacht "triath-" orthu. Inniu áfach tá na ceimiceoirí in ann comhdhúile a dhéanamh a bhfuil ceann de na triathgháis is troime (an xeanón, go tipiciúil) ina chomhchuid iontu, ach tá ocsaídeoirí thar a bheith láidir de dhíth le sin a dhéanamh. Cuimsíonn an grúpa an [[héiliam]], an [[neon]], an t-[[argón]], an [[crioptón]], an [[xeanón]], agus an [[radón]]. Tá an t-[[oganasan]], dúil throm shaorga radaighníomhach nár sintéisíodh ach le déanaí, suite sa ghrúpa chéanna i dtábla peiriadach na ndúl, ach is deacair a rá, an triathghás é dháiríre, nó bíonn na hiarmhairtí coibhneasaíocha ag cur an chórais pheiriadaigh as a riocht ag dúile atá chomh trom sin - thairis sin tá an t-oganasan chomh éagobhsaí is nach féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha pé scéal é.
 
Is é is cúis le támhacht cheimiceach na dtriathghás ná go bhfuil ocht leictreon—[[ochtréad]] iomlán—ar an sceall leictreon is faide amuigh acu (amach ón héiliam, nach bhfuil áit ach do dhá leictreon ar an t-aon sceall leictreon amháin aige). Tá an struchtúr seo iontach cobhsaí, agus a lán dúl leictreonachceimiceach ag iarraidh an t-ochtréad a bhaint amach ina gcuid comhdhúl—rud a dtugtar [[riail an ochtréid]] air. (I gcás an neoin, níl áit ar an sceall leictreon is faide amuigh aige ach d'ocht leictreon pé scéal é.)
 
Baintear úsáid as na triathgháis sa teicneolaíocht, nuair a bhíonn atmaisféar támh ag teastáil—atmaisféar nach bhfuil araiciseach chun imoibriúcháin cheimicigh agus a bhfuil de chlaonadh ann maolú ar imoibriúchán na ndúl eile. Is sna lampaí is mó a fheicimid na gáis seo in úsáid—neonlampaí mar shampla.