An difríocht idir athruithe ar: "Henri Becquerel"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
{{Merge|Antoine Henri Becquerel}}
Innealtóir agus fisiceoir as an bhFrainc ab ea '''Antoine Henri Becquerel''', ar ar bronnadh Duais Nobel san fhisic sa bhliain 1903. Bhí sé ar an gcéad duine a d'aithin an radaighníomhaíocht mar fheiniméan, faoin am chéanna a rinne Pierre agus Marie Curie an fhionnachtain chéanna, agus roinn sé an duais leis an lánúin sin.
 
Rugadh Henri Becquerel i bPárasb[[Páras ar an 15 Nollaig 1852. Bhí a thuismitheoirí ina suí go te ó thaobh an airgid de, agus bhí traidisiún fisiceoireachta ag baint leis an teaghlach le trí ghlúin anuas, nó ba fisiceoirí iad athair, seanathair agus sin-seanathair Henri. D'fhoghlaim an buachaill uraiceacht na scolaíochta i Lycée Louis-de-Grand, scoil ullmhaitheach i bPáras. Ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an innealtóireacht san École Polytechnique agus in École des Ponts et Chaussées. Sa bhliain 1874 phós Becquerel an chéad bhean chéile, Lucie Zoé Marie Jamin, ach fuair sise bás nuair a rugadh an chéad mhac, Jean, di. Mar sin, rinne Becquerel athphósadh ar Louise Désirée Lorieux sa bhliain 1890.
 
Sa bhliain 1892 tháinig Becquerel i seilbh Ollúnacht na Fisice i Muséum National d'Histoire Naturelle, ollúnacht a bhí ag a athair agus a sheanathair roimh a lá féin. Dhá bhliain ina dhiaidh sin ceapadh ina Phríomh-Innealtóir é do Roinn na nDroichead agus na nArdbhealaí, agus níor chrom sé ar a chuid turgnamh eolaíochtúil ach ina dhiaidh sin. Ba iad na rudaí ba mhó a spreag a shuim ná plánpholarú an tsolais agus an mhéarnáil (an fhosfaracht) agus an dóigh a n-ólann na criostail solas chucu (ionsúchán an tsolais). Rinne Becquerel taighde ar réimsí maighnéadacha an Domhain nuair a bhí sé ina ábhar óg eolaí.