An difríocht idir athruithe ar: "Rámhlong na hÉireann"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
||
Líne 14:
Is cosúil an dara long leis an gceann thuas maidir leis an transam, an stiúir, an tile agus an tosach starrach. Crann amháin atá inti, é suite tamall chun tosaigh agus seol air atá dealraitheach le seol púcáin. An chuma chéanna ar rigín seasta an chrainn mhóir, agus na láinnéir chleithe chéanna. Tá crannóg chruinn ar bharr an chrainn mhóir agus barrchrann ann a bhfuil bratach ar a bharr.
Ar an dara léarscáil
Ar léarscáil eile de Chúige Uladh a rinne Jobson in 1598 feictear trí long fhada den chineál céanna. Tá crann tosaigh in dhá cheann acu agus slat chlaonta air a d’oirfeadh do sheol laidineach. Tá barrsheol ar an gcrann mór ag ceann de na longa.<ref>Léarscáil Chúige Uladh, Francis Jobson: Cotton Collection, Augustus I.ii.19, British Library: http://searcharchives.bl.uk/primo_library/libweb/action/search.do;jsessionid=C339566D168AFA23E8A58F07987FCB0C?dscnt=1&dstmp=1610888133333&vid=IAMS_VU2&fromLogin=true.</ref>
|