An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
 
Úsáidtear xeanón sna lampaí xeanóin, san ainéistéitic agus mar mheán i ngléasra léasair. Tá sé ar fáil go nádúrtha san atmaisféar, cé nach bhfuil ann ach iarsmaí beaga - tá an t-argón i bhfad níos flúirsí, mar shampla. Tá xeanón an dúlra comhdhéanta as naoi n-iseatóp: seacht gcinn acu is iseatóip chobhsaí iad, agus is iseatóip radaighníomhacha iad an dá cheann eile, ach tá a leathré chomh fada is gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Is é an meáchán adamhach atá aige ná 131.296.
 
==Stair==
 
Ba iad an ceimiceoir Albanach William Ramsay agus an ceimiceoir Sasanach Morris Travers a d'fhionn an xeanón i Mí Mheán Fómhair 1898, go gairid i ndiaidh dóibh an neon agus an crioptón - dhá thriathghás eile - a aonrú agus a chéadaithint. Tháinig siad ar an xeanón sa chuid den aer leachtaithe a bhí fágtha acu i ndiaidh dóibh na gáis eile a bhaint de. Ba é Ramsay a mhol an t-ainm xeanón don ghás seo, agus ba é ba bhunús leis an ainm ná an focal Gréigise úd ''ξένον'' (''xenon''), foirm neodrach uatha den aidiacht ''ξένος'' (''xénos'') a chiallaíonn "strainséartha, iasachta, cuairteoir". Sa bhliain 1902 thuairimigh Ramsay gur xeanón a bhí in aon chuid d'fhiche milliún san atmaisféar.
 
 
Sna tríochaidí thosaigh an t-innealtóir Meiriceánach Harold Edgerton ag déanamh taighde ar theicneolaíocht solais stróbascópaigh le haghaidh grianghrafadóireacht ardluais. Dá thoradh sin chéadcheap sé an lampa xeanónsplaince ina gcruthaítear solas trí shruth gearr leictreachais a chur trí fheadán xeanóin. Sa bhliain 1934 d'éirigh le hEdgerton splancanna aon mhicreashoicind amháin leis an modh oibre seo.
 
 
{{síol}}