An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Dian"

Content deleted Content added
Aistrithe
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Typo
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 1:
[[Ríthe Uisnigh|Rí Uisnigh]] de [[Clann Cholmáin|Chlann Cholmáin]], géag d'[[Uí Néill an Deiscirt]], ba ea '''Diarmaid Dian mac Airmeataigh''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Diarmait Dian mac Airmetaig''', nó ''Diarmait Guthbinn'',<ref>[[Annála Uladh]], AU 763.1</ref>) (bás 689). [[Conall Guthbinn]] mac Suibhne (bás 635), iar-rí, ba ea a sheanathair.<ref>Francis J.Byrne, ''Irish Kings and High-Kings'', Tábla 3</ref><ref>AU 763.1</ref> Maraíodh a athair Airmeatach Caoch<ref>AU 763.1</ref> ag [[Cath Mag Rath]] sa bhliain 637.<ref>Charles-Edwards, lch. 495</ref> Bhí Diarmaid i gcoróin ón mbliain 653 go dtí 689.<ref>Tugtar réimeas 33 bliain dó sa [[Leabhar Laighneach]], agus 37 bliain i [[Sioncronachtaí Laud]]</ref>
 
Tháinig an t-achrann idir Clann Cholmáin agus [[Síl nÁedo Sláine|Saol Aodha Sláine]] go luath sa seachtú haois chun críche nuair a bhain Síol Aodha an lámh in uachtar amach. Bhí siadsan ansin i gceannas mar Ardríthe le linn dara leath na 7ú haoise. Thosaigh achrann cathartha eatarthu siúd áfach, agus tarraingíodh Clann Cholmain ann chomh maith. Sa bhliain 662, maraíodh Faolchú mac Maoil Umha de [[Clann Cholmáin|Chlann Cholmáin Bhig]] ag [[Cath Ogamain]], ag tús ar son [[Conaing Cuirre|Chonaing Choirre]] mhic Conghaile agus [[Blathmac mac Áedo Sláine|Blathmhaic mhic Aodha Sláine]] (bás 665) in éadan lucht leanúna [[Diarmait mac Áedo Sláine|Dhiarmada mhic Aodha Sláine]] (bás 665).<ref>AU 662.2</ref><ref>[[Annála Tiarnaigh]], AT 662.4</ref>