Meabhar
Content deleted Content added
mNo edit summary |
eagar |
||
Líne 1:
[[Beannú do dhuine i dteangacha éagsúla|Dia dhaoibh]] ar fud an domhain.<br> Is [[Gael]] mé, a tógadh in [[Éire|Éirinn]] sa [[Galltacht|Ghalltacht]]. Mar sin féin, tógadh le [[Gaeilge]] mé, le scolaíocht Bhéarla, agus tá mo chroí in iarthar na hÉireann. Chaitheas beagnach dhá bliain déag i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], agus d'fhilleas ar Éirinn i 2005. Roimhe sin, chaitheas seal i [[Sasana]] agus sa [[an Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]]. Bhíos sa bh[[an Fhionlainn|Fionlainn ]] ag deireadh mí [[Lúnasa]] [[2004]], ag spaisteoireacht agus ag breathnú ar an [[Ring des Nibelungen]], sraith [[opera]] [[Richard Wagner]], agus sa [[an Bhrasaíl|Bhrasaíl]] in Aibreán 2004 agus Nollaig 2004-Eanáir 2005, agus táim ag déanamh cur síos ar na rudaí seo, chomh maith le go leor rudaí eile, cuid acu nach bhfuil aon eolas speisialta agam orthu! Beidh mé ag filleadh ar an mBrasaíl arís, óir tá ceangal buan anois agam leis an tír sin. Is [[dochtúir leighis]] mé atá ag cleachtadh [[Síciatracht]], agus tá roinnt eolais agam ar [[Fraincís|Fhraincís]], [[Spáinnis]], [[Gearmánais]], agus [[Iodáilis]], agus ar ndóigh déanaim corr-aistriúchán uathusan agus ón Sacs-[[Béarla|Bhéarla]].
Imeasc na n-alt a scríobhas ar dtús, faoi na hainmneacha meabhar, 207.127.241.2 agus 207.69.138.138 (is minic a bhíonn ''cookies disabled'' ar mo chuntasaí, ar chúis amháin nó cúis eile):
Líne 8:
* [[Leigheas]], [[Síciatracht]] agus ábhair gaolmhara
Rinneas a lán eagarthóireachta teangan agus fairsingiú ar fud an suímh, agus measaim go mb'fhéidir gur scríobhas 70% d'ábhar an suímh (bhuel, tugaigí staitisticí dom muna bhfuil an ceart agam!).
==Cupla Smaoineamh le Dul ar Aghaidh==
Líne 14:
* Cuirimis ríomhphost dár gcairde agus gaolta go léir a bhfuil aon líofacht Gaeilge acu.
* Breac síos do chuid tuairimí ar stair, taisteal, srl. Táim beagnach cinnte go rinneas féin mór-bhotúin, mar shampla, im' chuid iarrachtaí sa stair, ach ceartóidh mé féin nó duine éigin eile ar deireadh iad.
* Bíodh misneach againn! Nuair a thosaíos ar an Vicipéid ag deireadh mí Iúil 2004, bhí tuairim is 80 alt againn. Ag deireadh Mheáin Fómhair, mar a bhíos ag súil, bhí 300 againn (rinneas iarracht mór le feoil éigin a chur ar an suíomh ansin).
* Léigh páipéar nuachta nó iris, agus scríobh 3 alt ghairid, nó déan cur síos ar cupla ghné ded' chuid oibre féin.
* Tá an-eolas ar rudaí Gaelacha i Wikipedia an Bhéarla freisin - aistriúcháin ar ainmneacha bailte, stair, srl.
* Nach mbeadh sé go deas dá mbeadh roinnt oideachais againn ar an nGaeilge - tá tús curtha agam leis, ach bheadh naisc an-úsáideach. Fch ar cheannleathanach na Breatnaise (Cymraeg) maidir leis na naisc breátha atá ann. Curtha in eagar - [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]]
|