An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 19:
 
Sna tríochaidí thosaigh an t-innealtóir Meiriceánach Harold Edgerton ag déanamh taighde ar theicneolaíocht solais stróbascópaigh le haghaidh grianghrafadóireacht ardluais. Dá thoradh sin chéadcheap sé an lampa xeanónsplaince ina gcruthaítear solas trí shruth gearr leictreachais a chur trí fheadán xeanóin. Sa bhliain 1934 d'éirigh le hEdgerton splancanna aon mhicreashoicind amháin a ghineadh leis an modh oibre seo.
 
 
Sa bhliain 1939 thosaigh an dochtúir Meiriceánach Albert R. Behnke (Albert Óg) taighde a dhéanamh ar an "meisce" aisteach a bhíodh ag céasadh tumadóirí domhainfharrainge. Bhain sé trialacha as gásmheascáin éagsúla le haghaidh análú, agus d'aithin sé go raibh baint ag an meascán ar an dóigh a ndeachaigh doimhneacht na farraige i bhfeidhm ar an tumadóir. Ba é ba thoradh do na tástálacha seo ná gur ghlac sé leis go bhféadfaí úsáid a bhaint as an xeanón mar ghás aineistéise. Rinne an tocsaineolaí Rúiseach taighde ar an xeanón mar aineistéiseach sa bhliain 1941, de réir dealraimh, ach ba é an taighdeoir míochaine Meiriceánach John H. Lawrence an chéad eolaí a d'fhoilsigh tuairisc faoin aineistéis xeanóin. Thriail seisean an gás le lucha. Meiriceánach eile darb ainm Stuart C. Cullen a bhí ar an gcéad aineistéiseolaí a d'úsáid xeanón mar aineistéiseach máinliachta le hothair dhaonna - beirt othar acu - sa bhliain 1951.