An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 22:
 
Sa bhliain 1939 thosaigh an dochtúir Meiriceánach Albert R. Behnke (Albert Óg) taighde a dhéanamh ar an "meisce" aisteach a bhíodh ag céasadh tumadóirí domhainfharrainge. Bhain sé trialacha as gásmheascáin éagsúla le haghaidh análú, agus d'aithin sé go raibh baint ag an meascán ar an dóigh a ndeachaigh doimhneacht na farraige i bhfeidhm ar an tumadóir. Ba é ba thoradh do na tástálacha seo ná gur ghlac sé leis go bhféadfaí úsáid a bhaint as an xeanón mar ghás aineistéise. Rinne an tocsaineolaí Rúiseach taighde ar an xeanón mar aineistéiseach sa bhliain 1941, de réir dealraimh, ach ba é an taighdeoir míochaine Meiriceánach John H. Lawrence an chéad eolaí a d'fhoilsigh tuairisc faoin aineistéis xeanóin. Thriail seisean an gás le lucha. Meiriceánach eile darb ainm Stuart C. Cullen a bhí ar an gcéad aineistéiseolaí a d'úsáid xeanón mar aineistéiseach máinliachta le hothair dhaonna - beirt othar acu - sa bhliain 1951.
 
 
Ar feadh i bhfad shíltí go raibh an xeanón agus na triathgháis eile támhach ar fad, is é sin nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile le dúile eile ar aon nós. Fuair Neil Bartlett, agus é ag léachtóireacht in Ollscoil British Columbia, gur ocsaídeoir thar a bheith láidir a bhí i heicseafluairíd an phlátanaim PtF<sub>6</sub>, ionas go raibh sé in ann móilín na hocsaigine a ocsaídiú go hian, ionas go bhfuarthas heicseafluaraplátanáit dé-ocsaiginíle O<sub>2</sub><sup>+</sup>[PtF<sub>6</sub>]<sup>-</sup>. Is ionann, beagnach, póitéinseal ianúcháin an mhóilín ocsaigine (1165 kJ/mol) agus póitéinseal ianúcháin an xeanóin (1170 kJ/mol). Mar sin, rith le Bartlett gurbh fhéidir go mbeadh sé indéanta xeanón a ocsaídiú le heicseafluairíd an phlátanaim. Ar an 23 Márta 1962 rinne sé meascán de xeanón agus de heicseafluairíd phlátanaim agus is é an toradh a fuair sé ná an chéad chomhdhúil triathgháis riamh, mar atá, heicseafluaraplátanáit xeanóin.