An difríocht idir athruithe ar: "Kalevala"

Content deleted Content added
Líne 52:
===An Dara Scéal faoi Lemminkäinen (ón séú laoi fichead go dtí an tríochadú laoi)===
 
[[Íomhá:Gallen-Kallela The defence of the Sampo.png|thumb|250px|''Sammon puolustus'' - "An Sampo á Chosaint". B'é an péintéir [[Akseli Gallen-Kallela]] a rinne an saothar seo sa bhliain [[1895]]].]]
 
Bhí Lemminkäinen míshásta, ó nach bhfuair sé cuireadh chuig bainis Ilmarinen. Thugann sé aghaidh ar Pohjola agus rug sé bua ar fhear céile Louhi i gcomhrac aonair. Tháinig sluaite armtha Pohjola ag agairt díoltais air, agus d'éalaigh sé go Saari (an tOileán, áit ar casadh Kyllikki air). Nuair a tháinig sé ar ais, fuair sé amach gur chuir an namhaid a theach trí thine idir an dá linn. In éineacht lena chara Tiera, chuaigh sé go Pohjola le díoltas a imirt ar Louhi, ach ansin, chuir Louhi na farraigí ag sioc lena hortha, agus b'éigean do Lemminkäinen filleadh abhaile.