An difríocht idir athruithe ar: "Neon"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 11:
Is é an '''neon''' [[dúil cheimiceach]] [[Uimhir adamhach|uimhir]] a deich, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná '''Ne'''.
Is [[Triathgháis|triathghás]] é, agus mar sin, ní bhíonn [[Comhdhúil|comhdhúile]] [[ceimic]]<nowiki/>eacha ar bith aige. Na "comhdhúile neoin" atá ann, ní bhíonn nasc ceart ceimiceach iontu idir an adamh neoin agus na dúile
Faoi ghnáth-imthoscaí, níl dath ar bith sa neon, ach is féidir é a úsáid le [[solas]] [[dearg]] a ghineadh i bhfeadáin folús-díluchtúcháin agus i neonlampaí.
Líne 23:
== Stair ==
Ba iad an bheirt ceimiceoirí ón
▲Ba iad an bheirt ceimiceoirí ón mBreatain Mhór, Sir William Ramsay (1852-1916) agus Morris W.Travers (1872-1961) ba thúisce a d'aithin an neon, i Londain sa bhliain 1898. Aithníodh an neon nuair a shioc Ramsay eiseamal aeir go leacht, agus é ag téamh an leachta arís leis na gáis éagsúla a cheapadh ceann ar cheann, de réir is mar a bhí siad ag fiuchadh. Bhí a fhios ag na heolaithe an nítrigin, an ocsaigin agus an t-argón cheana féin, agus aonraíodh na gáis eile de réir a bhflúirse, a bheag nó a mhór, ar feadh tréimhse sé seachtaine ó dheireadh na Bealtaine 1898. Ba é an chéad ghás a aithníodh ná an crioptón. Nuair a bhí an crioptón bainte den mheascán, bhí gás ann ar tháinig solas láidir dearg as faoi dhíluchtú speictreascópach. I ndiaidh an gás seo a aithint mar dhúil ar leith bhaist na heolaithe an t-ainm úd ''neon'' air - ainm Gréigise a chiallaíonn "an rud nua" (cf. ''novum'' na Laidine). Ba é mac Ramsay a mhol an t-ainm seo. Díol suntais ab ea an dath sainiúil láidir dearg-fhlannbhuí a d'astaigh an neonghás nuair a floscadh le leictreachas é. Mar a scríobh Travers i ndiaidh na fionnachtana: ''an bhladhm chraorag solais a tháinig as an bhfeadán, d'inis sí a scéal féin, agus ba radharc é a ndéanfá do mharana air agus nach ligfeá i ndearmad choíche.''
Faoin am chéanna thug na heolaithe tuairisc go raibh siad tar éis gás eile a fhionnadh in éineacht leis an neon, agus é ar aon tiús leis an argón, a bheag nó a mhór, cé nárbh ionann a speictream agus speictream an argóin. Is é an t-ainm a fuair an gás seo ó Ramsay agus Travers ná meiteargón, ach ina dhiaidh sin thaispeáin anailis speictreascópach an meiteargón nach raibh ann ach argón a bhí truaillithe le haonocsaíd carbóin. Sa deireadh rinne an bheirt fhear sin fionnachtain xeanóin freisin i Meán Fómhair den bhliain chéanna, agus an modh oibre céanna in úsáid acu.
Ar [[3 Nollaig]] [[1910]], chuaigh an chéad lampa neoin ar thaispeántas poiblí ag seó mótair i b[[Páras]].
|