An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 19:
Sna tríochaidí thosaigh an t-innealtóir Meiriceánach Harold Edgerton ag déanamh taighde ar theicneolaíocht solais stróbascópaigh le haghaidh grianghrafadóireacht ardluais. Dá thoradh sin chéadcheap sé an lampa xeanónsplaince ina gcruthaítear solas trí shruth gearr leictreachais a chur trí fheadán xeanóin. Sa bhliain 1934 d'éirigh le hEdgerton splancanna aon mhicreashoicind amháin a ghineadh leis an modh oibre seo.
Sa bhliain 1939 thosaigh an dochtúir Meiriceánach Albert (Óg) R. Behnke
Ar feadh i bhfad shíltí go raibh an xeanón agus na triathgháis eile támhach ar fad, is é sin nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile le dúile eile ar aon nós. Fuair Neil Bartlett, agus é ag léachtóireacht in Ollscoil British Columbia, gur ocsaídeoir thar a bheith láidir a bhí i heicseafluairíd an phlátanaim PtF<sub>6</sub>, ionas go raibh sé in ann móilín na hocsaigine a ocsaídiú go hian, ionas go bhfuarthas heicseafluaraplátanáit dé-ocsaiginíle O<sub>2</sub><sup>+</sup>[PtF<sub>6</sub>]<sup>-</sup>. Is ionann, beagnach, póitéinseal ianúcháin an mhóilín ocsaigine (1165 kJ/mol) agus póitéinseal ianúcháin an xeanóin (1170 kJ/mol). Mar sin, rith le Bartlett gurbh fhéidir go mbeadh sé indéanta xeanón a ocsaídiú le heicseafluairíd an phlátanaim. Ar an 23 Márta 1962 rinne sé meascán de xeanón agus de heicseafluairíd phlátanaim agus is é an toradh a fuair sé ná an chéad chomhdhúil triathgháis riamh, mar atá, heicseafluaraplátanáit xeanóin.
Nó sin mar a shíl sé, ach ní raibh an scéal chomh simplí sin. An t-ábhar ba thoradh dá chuid iarrachtaí, ghlac Bartlett leis gurbh é an struchtúr a bhí aige ná Xe<sup>+</sup>[PtF<sub>6</sub>]<sup>-</sup>, is é sin go raibh sé comhdhéanta as iain deimhneacha xeanóin agus iain diúltacha heicseafluaraplátanáite. Tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, gur meascán as comhdhúile (salainn) éagsúla xeanóin a bhí ann. Ina dhiaidh sin, áfach, d'aonraigh na heolaithe na scórtha comhdhúl eile xeanóin. Bhí 80 ceann acu aitheanta sa bhliain 1971. Thairis sin, tosaíodh ag cruthú comhdhúile triathgháis eile - comhdhúile crioptóin agus argóin.
|