An difríocht idir athruithe ar: "Na Piréiní"

Content deleted Content added
Íomhá
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Pyrenees 0.43034E 42.71227N.jpg|deas|thumb|200px|Na Piréiní.]]
[[Sliabhraon]] is ea iad na '''Piréiní''' atá suite idir [[an Fhrainc]] agus [[an Spáinn]]. Síneann na Piréiní timpeall is 430 ciliméadar ó Bhá na Bioscáine, ar cuid í den Aigéan Atlantach, go dtí an Mheánmhuir. Is é an sliabhraon seo an teorainn nádúrtha idir an Fhrainc agus an Spáinn, agus an teorainn pholaitiúil ag cloí leis na Piréiní an chuid is mó. Tá Andorra fáiscthe isteach idir an dá stát móra, áfach. Thairis sin, tá Val d'Aran, nó Gleann Aran, suite taobh thuaidh den tsliabhraon, cé gur cuid é den Spáinn go polaitiúil.
[[Sliabhraon]] is ea na '''Piréiní''' atá suite idir [[an Fhrainc]] agus [[an Spáinn]].
 
Tá na Piréiní níos sine ná na hAlpa. An dríodar ba tús don tsliabhraon, thosaigh sé á bhfosú in imchuacha an chósta sa ré Phailéasóch agus sa ré Mhéiseasóch. Timpeall is 100-150 milliún bliain ó sin, sa tréimhse Chailceach, leathnaigh grinneall Bhá na Bioscáine amach, agus fáisceadh an Spáinn in éadan na Fraince. D'ardaigh an brú seo oirthear an tsliabhraoin ar dtús, ach ansin, chuaigh sé ar aghaidh siar, go dtí go raibh an sliabhraon go léir ann, sa sealad Eoicéineach.
 
Carraigeacha eibheir agus naghais is mó atá in oirthear na bPiréiní. San iarthar, áfach, tá cuid mhaith aolchloiche ann freisin. Ní raibh mórán oighearshruthanna sna Piréiní riamh, rud a chuireann leis an gcuma chomhleanúnach, neamhchaite atá ar an sliabhraon seo, chomh maith leis an eibhear - tá an t-eibhear an-díonta ar an gcreimeadh.
 
Ceann de na difríochtaí is mó idir na Piréiní agus na hAlpa is ea é nach bhfuil mórán lochanna móra sna Piréiní. Níl na Piréiní saibhir i mámanna ach an oiread. Rud eile ar fad é go mbíonn go leor sruthanna tulcacha agus easanna ann.
 
{{síol}}