An difríocht idir athruithe ar: "Gearrscéalaíocht Ghaeilge na Ré seo"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 57:
Fir is mó a bhíodh chun tosaigh i ngearrscéalaíocht na Gaeilge, cé go ndearna [[Síle Ní Chéileachair]] agus [[Siobhán Ní Shúilleabháin]] obair an-suimiúil. Is iomaí scríbhneoir mná a d’fhoilsigh cnuasach ó shin. Orthu siúd tá Colette Nic Aodha, Deirdre Brennan, Deirdre Ní Ghrianna, [[Biddy Jenkinson]], Méadhbh Ní Ghallchobhair, [[Réaltán Ní Leannáin]], Máire Dinny Wren, Máirín Uí Fhearraigh, [[Brighid Uí Mhonacháin]] agus Síle Uí Ghallchóir.
 
Is dócha ar a bhfuil de ghearrscéalta á bhfoilsiú faoi láthair nach mbeidh aon lagú ar an ngearrscéalaíocht Ghaeilge feasta. Is mór an cabhairchabhair chuige seo an fháilte atá ag irisí liteartha ar nós ''[[Feasta]]'', ''[[Comhar]]'', ''[[An tUltach]]'' agus ''[[An Gael]]'' roimh ghearrscéalta, agus tá cnuasacha nua á gcur amach i gcónaí.<ref>Tá 125 cnuasach ar a laghad i gcló faoi láthair: féach Litríocht.com, http://www.litriocht.com.</ref> Ábhar uirbeach is mó a phléitear faoi láthair i ngearrscéalta na Gaeilge, rud a leanann uirbiú na teanga féin.<ref>Féach tuairisc James McCloskey ar leathnú na Gaeilge sa timpeallacht chathrach (2006): “Irish as a World Language”: http://ohlone.ucsc.edu/~jim/PDF/notre-dame.pdf.</ref>
 
== Nótaí ==