An difríocht idir athruithe ar: "Aino"

Content deleted Content added
No edit summary
m Rang +IV +Naisc
Líne 3:
Níltear cinnte, an raibh an t-ainm sin ''Aino'' ann ar aon nós sa bhéaloideas. Creideann go leor saineolaithe nach bhfuil ann ach athfhoirm fhileata den fhocal Fionlainnise ''ainoa'' a chiallaíonn "an t-aon cheann amháin". Mar sin, is dócha nárbh é "mo dheirfiúir Aino" a bhí i gceist ag Joukahainen ach "an t-aon deirfiúir amháin atá agam", agus gurbh é Elias Lönnrot, eagarthóir na heipice, an chéad duine a bhain ciall an ainm as an bhfocal.
 
Inniu, is gnáthainm mná é Aino san [[An Fhionlainn|Fhionlainn]]. Is iomaí cailín a baisteadh as Aino nuair a bhí an [[náisiúnachas]] rómánsúil ag rith damhsa sa tír i dtús na fichiú haoise, agus bhí Aino ar an ainm ba choitianta ar na mná Fionlannacha sna 1920idí. Ansin, d'éirigh sé ní ba neamhghnáiche arís, ach inniu, i dtús na tríú mílaoise, tá an tseanráchairt ar an ainm arís, mar a bhí sna fichidí.
 
I bhféilire ainmneacha na Fionlainne, ceiliúrtar lá Aino ar an deichiú lá de Mhí [[Bealtaine]].
 
====Mná mór le rá ar baisteadh an t-ainm Aino orthu====
 
====Mná mór le rá ar baisteadh an t-ainm Aino orthu====
* [[Aino Aalto]] née Aino Marsio, bean chéile an ailtire mhóir [[Alvar Aalto]]. Bhí sí féin ina hailtire agus ina dearthóir.
 
* [[Aino Kallas]] née Aino Krohn, scríbhneoir. Phós sí Oskar Kallas, taidhleoir Eastónach, agus shocraigh sí síos san Eastóin. Scríobhadh sí scéalta rómánsúla tragóideacha faoi mhóitífeanna Eastónacha, go háirithe ''Sudenmorsian'' ("Brídeog an Mhic Thíre"), ''Reigin pappi'' ("An Ministir i Reigi") agus ''Barbara von Tisenhusen''.
 
* [[Aino-Kaisa Saarinen]], scíálaí trastíre
* [[Aino Sibelius]] née Aino Järnefelt, bean chéile an cheolchumadóra [[Jean Sibelius]]
 
[[Catagóir:Carachtair fhicseanúla]]
* [[Aino Sibelius]] née Aino Järnefelt, bean chéile an cheolchumadóra [[Jean Sibelius]]
 
[[de:Aino]]
[[en:Aino (mythology)]]
[[he:אינו (דמות מיתולוגית)]]
[[pl:Aino]]
[[fi:Aino]]