An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"

Content deleted Content added
Litriú srl
Uasdátú ar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Líne 69:
Is é an Coimisiún Eorpach feidhmeannas an AE agus tá sé freagrach as reachtaíocht a thionscnamh agus gnóthaí an AE a reáchtáil ó lá go lá. Tá sé ceaptha go ngníomhódh an Coimisiún ar son leasa an AE ina iomláine, murab ionann agus an Chomhairle Eorpach nó Comhairle an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an claonadh iontu a bheith dílis dá leas náisiúnta féin. Deirtear gurb é an coimisiúin is údar spreagtha do lánpháirtiú na hEorpa. Faoi láthair, tá 27 gcoimisinéir (duine as gach Ballstát) sa Choimisiún agus tá a réimse freagrachta beartais féin ag gach duine díobh.
 
==== An Coimisiún Eorpach ====
I ndiadh na Toghcháin Eorpacha (gach cúig bliana), ainmíonn na Ballstáit, agus toradh na toghcháin ar eolais acu, Uachtrán nua don Choimisiún Eorpaigh. Faomhann an Parlaimint ainmní na mBallstáit le tromlach simplí (50%+1). Mura fhaigheann an ainmní na vótaí atá de dhith ón bParlaimint, caithfeadh na Ballstáit ainmní nua a ainmniú (tríd an Comhairle Eorpach agus le tromlach cáilithe).
 
Nuair atá Uachtarán nua an Choimisiún tofa, glacann na mBallstáit agus an Uachtarán tofa, le chéile, liosta de iarrthóir Coimisinéirí. Bíonn de chúram ar Pharlaimint na hEorpa an 'coláiste' de Choimisinéirí, Uachtarán an Choimisiún tofa, agus an Ard-ionadaí do Gnóthaí Eachtracha a fhormheas. Is é an tromlach simplí (50%+1) an tairseach don formheas seo. Faoi dheireadh, is é an Comhairle Eorpach a socraíonn an gCoimisiún go foirmiúl le tromlach cáilithe.
 
Is í Ursula von der Leyen Uachtarán an Choimisiún ó 2019.
 
==== Parlaimint na hEorpa ====
[[Íomhá:Political System of the European Union.svg|mion|399x399px]]
Is í Parlaimint na hEorpa tionól díreach-tofa an AE. Is é a ról ná an Coimisiún Eorpach a fhormheas nó a scoireadh, in éindí le Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus reachtaíocht curtha roimpi ag an gCoimisiún a phlé agus a vótáil. Toghann saoránaigh an AE na 705 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) go díreach gach 5 bliana. Cé go dtoghtar na FPE ar bhonn náisiúnta, suíonn siad de réir grúpaí pholaitiúla seachas de réir a náisiúntachta. Tá líon seasta feisirí ag gach tír. Ar thogra ón gCoimisiún, ritheann an Pharlaimint agus an Chomhairle (Comhairle an Aontais Eorpaigh) reachtaíocht go comhpháirteach i limistéir áirithe – tugtar an chomhchinnteoireacht air seo.
 
Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, tá réimse na comhchinnteoireachta seo leathnaithe go dtína lán réimsí eile. Go deimhin, is í an chomhchinnteoireacht a bheidh mar an 'gnáthnós reachtaíochta'. Tá de chumhacht ag an bParlaimint chomh maith an Coimisiún a cháineadh as míghníomh agus féadfaidh sí diúltú glacadh le buiséad an AE. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a ghníomhaíonn mar Cheann Comhairle sa Pharlaimint agus déanann sí nó sé ionadaíocht ar an bParlaimint sa tsaol mór. Toghann na FPEanna an t-uachtarán agus na leasuachtaráin gach dhá bhliain go leith.
 
Is é David Sassoli, Iodálach, Uachtarán an Pharlaimint ó 2019.
[[Íomhá:Supranational European Bodies-en.svg|clé|mion|355x355px]]
 
==== Comhairle an Aontais Eorpaigh ====
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh údarás reachtach an AE (a ngníomhaíonn an Pharlaimint i gcomhpháirt léi i réimsí áirithe). Déantar ionadaíocht ar gach Ballstát ar an gComhairle, tríd an Aire atá freagrach as an ábhar atá á phlé a bheith i láthair. (Tarlaíonn sé amanna go mbíonn feidhmeannaigh státseirbhíse i láthair thar ceann na nAirí.) Mar shampla, tá an Chomhairle Talmhaíochta comhdhéanta de na hAirí Talmhaíochta agus mar sin de. Cé go gcruinníonn an Chomhairle i gcomhdhéanaimh dhifriúla, meastar gur aon institiúid amháin í. Dá bharr sin, feidhmíonn an Chomhairle na feidhmeanna cur chun feidhme maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála.
 
Is ag an Phortaingéil atá an Uachtaránacht faoi láthair. Tosóidh Uachtaránach na tSlóivéine are 1 Iúil 2021.
Tá an chraobh bhreithiúnach déanta de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (CBE - Is Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar uirthi i gConradh Liospóin) agus Chúirt Chéadchéime. Le chéile, léirmhíníonn siad conarthaí agus dlí an AE agus cuireann siad i bhfeidhm iad. Déileálann an Chúirt Chéadchéime den chuid is mó le cásanna ó phearsana aonair agus ó chomhlachtaí agus déileálann an CBE le cásanna ó na Ballstáit, na hInstitiúidí agus cásanna a tharchuirtear chuici ó Chúirteanna na mBallstát. [Níl an dá abairt seo baileach cruinn - le ceartú!] Ní féidir achomharc a dhéanamh ó bhreith na Cúirte Céadchéime ach ar phonc dlí amháin. Tá Binse speisialta ann freisin a dhéileálann le cásanna na seirbhíse poiblí ar leibhéal na hEorpa.
 
[[Íomhá:Emblem of the Court of Justice of the European Union.svg|mion]]
==== Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ====
Tugann an Chúirt rialuithe uaithi ar na cásanna a thagann os a comhair. Is iad seo a leanas na cineálacha cásanna is coitianta:
 
''An dlí a léirmhíniú (réamhrialuithe)'' – tá sé de cheanglas ar chúirteanna náisiúnta na mBallstát deimhin a dhéanamh de go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart, ach d'fhéadfadh léirmhíniú éagsúil a bheith ann idir na cúirteanna i dtíortha éagsúla. Má bhíonn cúirt náisiúnta in amhras mar gheall ar léirmhíniú nó bailíocht dhlí an Aontais, féadfaidh sí soiléiriú a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais. Is féidir úsáid a bhaint as an bpróiseas céanna chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil dlí nó cleachtas náisiúnta ag teacht le dlí an Aontais nó nach bhfuil.
 
''Forfheidhmiú an dlí (imeachtaí um shárú)'' – tógtar an cineál seo cáis i gcoinne rialtas náisiúnta má theipeann air dlí an Aontais a chomhlíonadh Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach nó Ballstát ar leith an cás a thionscnamh. Má chinntear gur sháraigh an tír an dlí, ní mór di cúrsaí a chur ina gceart láithreach bonn, nó d'fhéadfaí an dara cás a thabhairt ina coinne ina bhféadfaí fíneáil a ghearradh uirthi.
 
''Gníomhartha dlíthiúla de chuid an Aontais a neamhniú (caingne le haghaidh neamhniú)'' – má mheastar go sáraíonn gníomh de chuid an Aontais conarthaí nó cearta bunúsacha an Aontais, is féidir le rialtas Ballstáit, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach nó (i gcásanna áirithe) Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCúirt an gníomh sin a neamhniú.
 
Chomh maith leis sin, féadfaidh daoine aonair a iarraidh ar an gCúirt gníomh de chuid an Aontais a bhfuil tionchar díreach orthu a neamhniú.
 
''Deimhin a dhéanamh de go ndéanann an tAontas gníomh (caingne a bhaineann le neamhghníomh)'' – ní mór don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún cinntí áirithe a ghlacadh i gcásanna áirithe. Mura ndéanann siad amhlaidh, féadfaidh rialtais na mBallstát, institiúidí eile de chuid an Aontais nó (faoi réir coinníollacha áirithe) daoine aonair nó gnólachtaí gearán a thabhairt os comhair na Cúirte.
 
''Smachtbhannaí a chur ar institiúidí de chuid an Aontais (caingne le haghaidh damáistí)'' – is féidir le haon duine a ndearnadh dochar dá leasa mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh a dhéanann an tAontas Eorpach nó foireann an Aontais caingean a thabhairt ina n-aghaidh os comhair na Cúirte.
 
===== Comhdhéanamh =====
Tá dhá chúirt i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
 
* An Chúirt Bhreithiúnais– pléann sí le hiarrataí ar réamhrialuithe ó na cúirteanna náisiúnta, le caingne áirithe le haghaidh neamhniú agus le hachomhairc.
* An Chúirt Ghinearálta – tugann sí breithiúnas i gcaingne le haghaidh neamhniú a thógann daoine aonair, comhlachtaí agus, i roinnt cásanna, rialtais na mBallstát. Go bunúsach, ciallaíonn sin gur le dlí na hiomaíochta, státchabhair, trádáil, talmhaíocht agus trádmharcanna is mó a bhíonn an chúirt seo ag plé.
 
Ceapann na rialtais náisiúnta i gcomhpháirtíocht gach breitheamh agus gach abhcóide ginearálta le haghaidh téarma in-athnuaite sé bliana. Sa dá Chúirt, roghnaíonn na breithiúna Uachtarán le haghaidh téarma in-athnuaite trí bliana.[[Íomhá:Emblem of the Court of Justice of the European Union.svg|mion]]
 
=== Córas Dlíthiúil ===