An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 25:
Nó sin mar a shíl sé, ach ní raibh an scéal chomh simplí sin. An t-ábhar ba thoradh dá chuid iarrachtaí, ghlac Bartlett leis gurbh é an struchtúr a bhí aige ná Xe<sup>+</sup>[PtF<sub>6</sub>]<sup>-</sup>, is é sin go raibh sé comhdhéanta as iain deimhneacha xeanóin agus iain diúltacha heicseafluaraplátanáite. Tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, gur meascán as comhdhúile (salainn) éagsúla xeanóin a bhí ann. Ina dhiaidh sin, áfach, d'aonraigh na heolaithe na scórtha comhdhúl eile xeanóin. Bhí 80 ceann acu aitheanta sa bhliain 1971. Thairis sin, tosaíodh ag cruthú comhdhúile triathgháis eile - comhdhúile crioptóin agus argóin.
 
I Mí na Samhna 1989 bhain eolaithe de chuid an chomhlachta úd IBM an chéad triail as teicneolaíocht nua, ''IBM in atoms'' mar a tugadh uirthi, a bhí in ann adaimh aonair a ionramháil, agus adaimh xeanóin i gceist acu. D'úsáid na heolaithe micreascóp scanta tollánaithe (STM, gléas a thabhaigh Duais Nobel san fhisic do lucht a chéadcheaptha sa bhliain 1986) le hainm an chomhlachta a scríobh le hadaimh xeanóin ar dhromchla nicile - an chéad uair riamh a suíodh adaimh go mionchruinn ar dhromchla cothrom mar sin.