An difríocht idir athruithe ar: "Rámhlong na hÉireann"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
→‎Íomhánna cairteagrafacha: Breis ábhair agus giorrú
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 6:
Tá difríocht, áfach, idir an íomhá seo agus íomhánna cairtghrafacha a rinneadh sa chuid deiridh den 16ú haois, rud a d’fhéadfadh tionchar tíortha eile a léiriú, ó bhíodh na longa seo ag trádáil idir Éirinn, an Spáinn agus an Phortaingéil.
 
=== Íomhánna cairteagrafachacartagrafacha ===
 
Tá cuid de na híomhánna de longa fada is áille agus is mionsonraithe le fáil ar léarscáil d’oirthear Uladh agus í déanta timpeall 1602.<ref>Richard Bartlett, ‘East Part of Ulster,’ (British) National Maritime Museum: https://collections.rmg.co.uk/collections/objects/541705.html</ref> Cóip de shaothar le [[Richard Bartlett (cartagrafaí)|Richard Bartlett]] í, murab é Bartlett féin a rinne í. Feictear longa ann a bhfuil cabhail fhada acu, transam ard agus stiúir. Tá tosach géar ag gobadh amach agus feictear cábán measartha ard ar an tile. Crann amháin atá sna longa seo agus crannóg in airde air. Seol mór stríocach triantánach (cosúil le seol lug) atá ar gach crann. Tá an gnáthrigín le feiceáil, idir sheasta agus reatha – staghanna, scriútaí, scóid agus tacaí, láinnéir shlaite agus láinnéir chleithe, frídeoirí agus láinnéiríní. Is cuid suntais iad na buillí, timpeall deich gcinn acu ar gach taobh agus iad ina líne amháin feadh an chuid is mó den den taobh. Longa iad atá ag teacht leis an gcuntas a thug na Sasanaigh orthu agus a lán fear le feiceáil iontu.