An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 21:
Sa bhliain 1939 thosaigh an dochtúir Meiriceánach Albert (Óg) R. Behnke taighde a dhéanamh ar an "meisce" aisteach a bhíodh ag céasadh tumadóirí domhainfharrainge. Bhain sé trialacha as gásmheascáin éagsúla le haghaidh análú, agus d'aithin sé go raibh baint ag an meascán ar an dóigh a ndeachaigh doimhneacht na farraige i bhfeidhm ar an tumadóir. Ba é ba thoradh do na tástálacha seo ná gur ghlac sé leis go bhféadfaí úsáid a bhaint as an xeanón mar ghás aineistéise. Rinne an tocsaineolaí Rúiseach taighde ar an xeanón mar aineistéiseach sa bhliain 1941, de réir dealraimh, ach ba é an taighdeoir míochaine Meiriceánach John H. Lawrence an chéad eolaí a d'fhoilsigh tuairisc faoin aineistéis xeanóin. Thriail seisean an gás le lucha. Meiriceánach eile darb ainm Stuart C. Cullen a bhí ar an gcéad aineistéiseolaí a d'úsáid xeanón mar aineistéiseach máinliachta le hothair dhaonna—beirt othar acu—sa bhliain 1951.
 
Ar feadh i bhfad shíltí go raibh an xeanón agus na triathgháis eile támhach ar fad, is é sin nach raibh siad in ann imoibriú a dhéanamh ná dul i gcomhdhúile le dúile eile ar aon nós. Fuair Neil Bartlett, agus é ag léachtóireacht in Ollscoil British Columbia, gur ocsaídeoir thar a bheith láidir a bhí i heicseafluairíd an [[PlátanamPlatanam|phlátanaimphlatanaim]] PtF<sub>6</sub>, agus é in ann móilín na h[[Ocsaigin|ocsaigine]] a ocsaídiú go hian, ionas go bhfuarthas heicseafluaraplátanáitheicseafluaraplatanáit dé-ocsaiginíle O<sub>2</sub><sup>+</sup>[PtF<sub>6</sub>]<sup>-</sup>. Is ionann, beagnach, póitéinseal ianúcháin an mhóilín ocsaigine (1165 kJ/mol) agus póitéinseal ianúcháin an xeanóin (1170 kJ/mol). Mar sin, rith le Bartlett gurbh fhéidir go mbeadh sé indéanta xeanón a ocsaídiú le heicseafluairíd an phlátanaim. Ar an 23 Márta 1962 rinne sé meascán de xeanón agus de heicseafluairíd phlátanaimphlatanaim agus is é an toradh a fuair sé ná an chéad chomhdhúil triathgháis riamh, mar atá, heicseafluaraplátanáitheicseafluaraplatanáit xeanóin.
 
Nó sin mar a shíl sé, ach ní raibh an scéal chomh simplí sin. An t-ábhar ba thoradh dá chuid iarrachtaí, ghlac Bartlett leis gurbh é an struchtúr a bhí aige ná Xe<sup>+</sup>[PtF<sub>6</sub>]<sup>-</sup>, is é sin go raibh sé comhdhéanta as iain deimhneacha xeanóin agus iain diúltacha heicseafluaraplátanáiteheicseafluaraplatanáite. Tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, gur meascán as comhdhúile (salainn) éagsúla xeanóin a bhí ann. Ina dhiaidh sin, áfach, d'aonraigh na heolaithe na scórtha comhdhúl eile xeanóin. Bhí 80 ceann acu aitheanta sa bhliain 1971. Thairis sin, tosaíodh ag cruthú comhdhúile triathgháis eile - comhdhúile crioptóin agus argóin.
 
I Mí na Samhna 1989 bhain eolaithe de chuid an chomhlachta úd IBM an chéad triail as teicneolaíocht nua, ''IBM in atoms'' mar a tugadh uirthi, a bhí in ann adaimh aonair a ionramháil, agus adaimh xeanóin i gceist acu. D'úsáid na heolaithe micreascóp scanta tollánaithe (STM, gléas a thabhaigh Duais Nobel san fhisic do lucht a chéadcheaptha sa bhliain 1986) le hainm an chomhlachta a scríobh le hadaimh xeanóin ar dhromchla nicile - an chéad uair riamh a suíodh adaimh go mionchruinn ar dhromchla cothrom mar sin.