An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 29:
==Airíonna an xeanóin==
 
Is í [[uimhir adamhach]] an xeanóin ná 54, rud a chiallaíonn go bhfuil 54 phrótón i núicléas an xeanóin agus 54 [[leictreon]] ag timpeallú an núicléis le lucht leictreach na bprótón sin a neodrú. Le gnáth-theocht an tseomra agus faoi ghnáth-aerbhrú an atmaisféir ar dhroim an domhain, is é an tiús atá ag an xeanón ná 5.761 kg/m<sup>3</sup>, arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus tiús atmaisféar an Domhain ar leibhéal na farraige (1.217 kg/m<sup>3</sup>) méadaithe faoina ceithre go leith. Má dhéantar leacht den xeanón, is é an tiús is mó a bheidh aige ná 3.100 g/mL, agus é ag sroicheadh uasmhéid a thiúis sa tríphointe (an pointe ina bhfuil cothromaíocht teirmidinimice idir an trí phas - an gás, an solad agus an leacht). Tuaslagóir maith é an xeanón leachtaithe, agus is féidir leis hidreacarbóin, móilíní bithcheimiceacha agus an t-uisce féin a thuaslagadh. Faoi na himthoscaí céanna ó thaobh an aerbhrú agus na teochta de, tá tiús an xeanóin sholadaigh, 3.640 g/cm<sup>3</sup>, níos airde ná meántiús na cloiche eibhir (2,75 g/cm<sup>3</sup>. Má chuirtear na gigeapascail bhrú i bhfeidhm ar an xeanóin, foirmeoidh sé pas miotalach.
 
Athróidh struchtúr criostail an xeanóin sholadaigh ón bpas ciúbach aghaidhláraithe go dtí an pas dlúthphacáilte heicseagánach faoi mhórbhrú, agus nuair a bhainfear amach brú 140 gigeapascal, tosóidh an solad ag iompú miotalach, rud nach n-aithneofar ar aon athrú toirte. Le brú 155 ghigeapascal beidh an xeanón ina mhiotal ar fad. Beidh dath spéirghorm sa xeanón miotalach, toisc go mbeidh sé ag sú isteach an tsolais dheirg agus ag tarchur na minicíochtaí infheicthe eile. Ní minic a d'aithneofá iompraíocht den chineál sin ag aon miotal. Is é is cúis léi ná go bhfuil na bandaí leictreon réasúnta cúng sa staid sin.