An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 33:
Athróidh struchtúr criostail an xeanóin sholadaigh ón bpas ciúbach aghaidhláraithe go dtí an pas dlúthphacáilte heicseagánach faoi mhórbhrú, agus nuair a bhainfear amach brú 140 gigeapascal, tosóidh an solad ag iompú miotalach, rud nach n-aithneofar ar aon athrú toirte. Le brú 155 ghigeapascal beidh an xeanón ina mhiotal ar fad. Beidh dath spéirghorm sa xeanón miotalach, toisc go mbeidh sé ag sú isteach an tsolais dheirg agus ag tarchur na minicíochtaí infheicthe eile. Ní minic a d'aithneofá iompraíocht den chineál sin ag aon miotal. Is é is cúis léi ná go bhfuil na bandaí leictreon réasúnta cúng sa staid sin.
 
Is féidir nanacháithníní xeanóin leachtaigh nó sholadaigh a fhoirmiú le teocht an tseomra trí iain Xe<sup>+</sup> a ionchlannú i maitrís sholadach. Is iomaí solad nach bhfuil a thairiseach laitíse chomh hard agus atá sé ag an xeanón soladach. Is é is toradh dó sin ná go rachaidh brú i bhfeidhm ar an xeanón ionchlannaithe, ionas go gcomhbhrúfar go leacht nó go solad é.
 
Is triathghás - gás támhach - é an xeanón, rud a chiallaíonn nach n-imoibríonn sé leis na dúile eile ar na dóigheanna is coitianta. Ní féidir xeanón a chur trí thine, mar shampla. Is é an míniú air sin ná go bhfuil ocht leictreon ar an leictreonsceall is faide amuigh aige (an fiús-sceall). Is é is toradh dó seo ná cumraíocht chobhsaí leictreon ar íosmhéid fuinnimh: ní scaoilfí fuinneamh saor dá gceanglódh an xeanón nasc ceimiceach le dúil eile. Mar sin tá leictreoin an scealla is faide amuigh ceangailte go dlúth den adamh xeanóin.