An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 41:
==Flúirse agus táirgíocht an xeanóin==
 
Is rianghás é an xeanón in atmaisféar an Domhain: is ionann dlús an xeanón san aer agus timpealltuairim aris aon chuid amháin as aon mhilliún déag go leith. Tagann xeanón as toibreacha áirithe mianraí chomh maith, in éineacht le cineálacha eile gáis.
 
Nuair a aonrófar nítrigin agus ocsaigin an aeir, gheofar xeanón mar sheachthoradh. Go tipiciúil déanfar driogadh codánach i ngléasra dhá cholún, agus ar an dóigh seo fágfar crioptón agus xeanón san ocsaigin. Má dhriogtar an ocsaigin sin, is féidir an ocsaigin a shaibhriú ionas go mbeidh 0.1-0.2 % de mheascán crioptóin agus xeanóin ann; ansin bainfear an meascán sin as an ocsaigin le glóthach shilice, nó driogfar é. Ansin is féidir babhta nua driogtha a dhéanamh leis an xeanón agus an crioptón a scaradh ó chéile.