An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 45:
Nuair a aonrófar nítrigin agus ocsaigin an aeir, gheofar xeanón mar sheachthoradh. Go tipiciúil déanfar driogadh codánach i ngléasra dhá cholún, agus ar an dóigh seo fágfar crioptón agus xeanón san ocsaigin. Má dhriogtar an ocsaigin sin, is féidir an ocsaigin a shaibhriú ionas go mbeidh 0.1-0.2 % de mheascán crioptóin agus xeanóin ann; ansin bainfear an meascán sin as an ocsaigin le glóthach shilice, nó driogfar é. Ansin is féidir babhta nua driogtha a dhéanamh leis an xeanón agus an crioptón a scaradh ó chéile.
 
Glactar leis mar bhallaíocht tuairime gur táirgeadh 5,000-7,000 m<sup>3</sup> xeanóin ar fud an domhain sa bhliain 1998. Chomh tearc is atá an xeanón tá praghas sách ard air i gcomparáid leis na triathgháis eile. Sa bhliain 1999 chaithfeá 10 euro a íoc as lítear amháin xeanóin, 1 euro as lítear amháin crioptóin, agus 20 cent as lítear neoin. Is é an t-argón an triathghás is flúirsí, agus dá réir sin ní íocfá oiread is cent amháin as lítear amháin argóin san am sin.