An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Chuir [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtas na Breataine]] an t'''Acht um Rialtas na hÉireann''' i bhfeidhm ar [[23 Nollaig]] [[1920]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://theirishrevolution.ie/wp-content/uploads/2020/03/U7.-TY-IRISH-PROJECT-BOOK-P3.pdf|teideal=Atlas of the Irish Revolution - Acmhainní do Scoileanna - AONAD 7, Cuid a 3|údar=UCC|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref> Bhí an tAcht bunaithe ar an gCeathrú Bille um [[Rialtas Dúchais]] na [[Éire|hÉireann]]. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar [[Éire|Éirinn]], tar éis [[an Chéad Chogadh Domhanda]].
 
Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag [[David Lloyd George]] agus Walter Long (ceannaire na n[[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]] i g[[Cúige Uladh]]) ar [[Polaitíocht|pholaitíocht]] na hÉireann roimh an gcogadh. Ach idir an dá linn, d'athraigh an suíomhcúrsaí in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh.
[[Íomhá:Picture of Walter Long.jpg|clé|mion|Walter Hume Long. roimh 1915]]
Bhí na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe Éireannacha]] ag éileamh [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleáchais]] agus Poblachta faoin am seo. B'iad [[Sinn Féin]] an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, ar an 23 Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille, bhí sé glan as dáta cheana féin.
Líne 9:
[[Íomhá:Charles Stewart Parnell at meeting.jpg|clé|mion|Charles Stewart Parnell, roimh 1881]]
Rinneadh a lán iarrachtaí i rith na [[19ú haois|naoú haoise déag]] agus i dtús na [[20ú haois|fichiú haoise]] le féinrialtas teoranta, nó [[Rialtas Dúchais]], a bhaint amach d'Éirinn. Sa bhliain 1886, dhiúltaigh Teach na dTeachtaí don chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhrú na stocaireachta a bhí idir lámhaibh ag na hAontachtóirí agus na hOráistigh. Chuaigh scoilt ar an bPáirtí Liobrálach de dheasca an bhille seo. Sa bhliain 1893, rith Teach na dTeachtaí an dara Bille um Rialtas Dúchais, ach ansin, chros Teach na dTiarnaí é, agus ní dheachaigh sé ar leabhar na reacht riamh. Sa bhliain 1911, áfach, chaill Teach na dTiarnaí a chumhacht crosta, agus mar sin, nuair a chuir [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann]] an tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhráid na Parlaiminte sa bhliain 1912, ní raibh cead ag na Tiarnaí é a chur ar ceal a thuilleadh. Scéal eile é go raibh siad in inmhe é a chur ar fionraí go ceann dhá bhliain.
[[Íomhá:Gladstone debate on Irish Home Rule 8th April 1886 ILN.jpg|mion|322x322px|8 Aibreán 1886: Gladstone i mbun, ach dhiúltaigh Teach na dTeachtaí an chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann]]
Bhí an chuma ar Éirinn go bhféadfadh cogadh cathartha briseadh amach ansin pé nóiméad, agus mar sin, d'fháiltigh [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]] ceannairí na nAontachtóirí agus na Náisiúnaithe chuige i Mí Iúil 1914 le haghaidh comhchainteanna. Ní raibh toradh ar bith ar an gcruinniú seo (nó Comhdháil Phálás Buckingham, mar a thugtar air). Bhí na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe]] ag éileamh Rialtas Dúchais d'oileán na hÉireann go léir (agus Liobrálaigh Shasana ag tacú leo) agus na hAontachtóirí ag éileamh go bhfágfaí [[Cúige Uladh]] taobh amuigh den fhéinrialtas.

Nuair a cuireadh leasú leis an mBille a cheadaigh do mhuintir Uladh tarraingt as an Rialtas Dúchais go sealadach, tugadh Aontú an Rí don Bhille, agus chuaigh sé ar leabhar na reacht, díreach nuair a bhí [[an Chéad Chogadh Domhanda]] tosaithe. Bhí an tAcht le cur i ngníomh i ndiaidh an chogaidh, agus dóchas ag gach duine nach mairfeadh an cogadh féin ach tamall beag.
 
== Coiste Long ==
[[Íomhá:Herbert Henry Asquith.jpg|clé|mion|260x260px|Herbert Asquith]]
Le linn an chogaidh féin, rinne an Príomh-Aire [[Herbert Henry Asquith]] dhá iarracht leis an Acht a chur i ngníomh. Ar dtús, i mBealtaine 1916, theip air aontú a bhaint as na h[[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]]. Ansin, sa bhliain 1917, chuir sé gairm chruinnithe ar Chomhdháil na hÉireann, comhthionól a raibh idir Aontachtóirí agus Náisiúnaithe air, agus [[Seán Mac Réamainn|John Redmond]] ina Chathaoirleach air. Ní raibh an Chomhdháil seo féin in ann ach tuairisc a eisiúint le moltaí faoin "tuiscint" cheart ar na cúrsaí conspóideacha.

Bhí an Rialtas, a raibh [[David Lloyd George]] i gceannas air anois, dírithe ar an Rialtas Dúchais a chur i ngníomh pé scéal é, le taobhshúil ar thuairisc na Comhdhála.

Cheap comh-aireacht na Ríochta Aontaithe coiste ar leith, Coiste na hÉireann, le marana a dhéanamh ar na ceisteanna seo, agus ba é Walter Long, polaiteoir Aontachtach, a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste. Mhol Coiste na hÉireann go mbunófaí ''dhá'' shlánaonad féinrialaitheacha in Oileán na hÉireann, mar atá, Deisceart Éireann agus [[Tuaisceart Éireann]].
[[Íomhá:I'll give him Home Rule! (3268710259).jpg|mion| [[John Redmond]] agus John Bull, Liberal Unionist Council, c1905-1910]]
 
== Reachtaíocht ==
Ar an [[25 Feabhra]] [[1920]], tugadh an Bille um Rialtas na hÉireann isteach i dTeach na dTeachtaí.<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN (TUGTAR AN BILLE UM RIALTAS NA HÉIREANN ISTEACH I DTEACH NA DTEACHTAÍ)|údar=COBÁC|dáta=2016|dátarochtana=2021}}</ref> Moladh dhá pharlaimint éagsúla a bheith ann, ceann do thuaisceart na hÉireann & ceann eile don deisceart críochdheighilt de facto
 
Chuir Teach na dTiarnaí an leasú seo leis an mBille, ach nuair a chuaigh an Bille faoi bhráid na Parlaiminte le haghaidh an Dara Léamh i Márta 1920, bhí cuid mhór de na Feisirí Éireannacha barúlach nach bhféadfaí comhréiteach ceart a bhunú ar mholtaí Choiste Long.
Line 59 ⟶ 65:
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Stair na hÉireann]]
[[Catagóir:Stair Thuaisceart Éireann]]