Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 14:
* Cuirimis ríomhphost dár gcairde agus gaolta go léir a bhfuil aon líofacht Gaeilge acu.
* Breac síos do chuid tuairimí ar stair, taisteal, srl. Táim beagnach cinnte go rinneas féin mór-bhotúin, mar shampla, im' chuid iarrachtaí sa stair, ach ceartóidh mé féin nó duine éigin eile ar deireadh iad.
* Bíodh misneach againn! Nuair a thosaíos ar an Vicipéid ag deireadh mí Iúil 2004, bhí tuairim is 80 alt againn. Ag deireadh Mheáin Fómhair, mar a bhíos ag súil, bhí 300 againn (rinneas iarracht mór le feoil éigin a chur ar an suíomh ansin). Tá 1011 anois again, rud a thugann nasc dúinn ar phríomhlch an wiki Béarla in athuair. Cuimhnigí go bhfuil 3,037 ag an m[[Breatnais]], 1,067, ag [[Gaeilge na hAlban]] agus 455598,124713 ag an m[[Béarla]]! Ní miste a rá, áfach, gur i bhfoirm abairte aonair go leor des na h-ailt i cy agus gd, ach tugann sé áit dóibh i bpríomhleathanaigh na dteangacha eile~mar an Béarla.
* Léigh páipéar nuachta nó iris, agus scríobh 3 alt ghairid, nó déan cur síos ar cupla ghné ded' chuid oibre féin.
* Tá an-eolas ar rudaí Gaelacha i Wikipedia an Bhéarla freisin - aistriúcháin ar ainmneacha bailte, stair, srl.