An difríocht idir athruithe ar: "Damhna"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 133:
Is feirmíóin iad na baróin a idirghníomhíonn go láidir; agus mar sin tá siad faoi réir [[Staitistic Fermi-Dirac|staitisticí Fermi-Dirac]]. Tugtar "barón" ar cháithnín fo-adamhach atá déanta as trí chuarc. Is iad an prótón agus an neodrón na baróin is coitianta a aimsítear sa dúlra, agus a bhíonn istigh i núcléas an adaimh, ach tá go leor barón éagobhsaí eile ann freisin. De ghnáth tagraíonn an téarma "barón" do thríchuairc - cáithníní déanta as trí chuarc. Chomh maith leis sin, tugtar peinteachuaird ar baróin "coimhthíocha" déanta as ceithre chuarc agus frithchuarc amháin, ach ní ghlactar go ginearálta go bhfuil siad ann.
 
Chuid den chruinne atá déanta as baróin (gach adamh san áireamh) is ea an damhna barónach. Ní chuimsíonn an chuid seo den chruinne [[fuinneamh dorcha]], [[Damhna dorcha|damhna dorcha]], [[Dúpholl|dúphoill]] nó cineálacha éagsúla damhna díghrádaithe, mar shampla réaltaí [[Abhac bán|abhaic bhána]] chumadh agus [[Neodrónréalta|neodrónréaltaí]]. Tugann solas micreathonnach a chonaic an taiscéalaí WMAP le fios nach bhfuil ach thart ar 4.6% den chuid sin den chruinne laistigh de raon na dteileascóp is fearr (is é sin, damhna a d’fhéadfadh a bheith infheicthe toisc go bhféadfadh solas teacht chugainn uaidh). déanta as damhna barónach. Damhna dorcha is ea thart ar 26.8%, agus fuinneamh dorcha thart ar 68.3%.<ref name="NASA Science Dark Matter">{{cite web|url=https://science.nasa.gov/astrophysics/focus-areas/what-is-dark-energy/|title=Dark Energy Dark Matter|website=NASA Science: Astrophysics|date=5 June 2015}}</ref>
Go deimhin, ní fheictear formhór mór an ghnáthdhamhna sa chruinne, ós rud é go bhfuil réaltaí agus gáis infheicthe taobh istigh de réaltraí agus réaltbhraislí freagrach as níos lú ná 10 faoin gcéad den ghnáthdhamhna a chuireann le dlús maise-fuinnimh na cruinne. <ref>{{Cite journal|last1=Persic|first1=Massimo|last2=Salucci|first2=Paolo|date=1992-09-01|title=The baryon content of the Universe|journal=Monthly Notices of the Royal Astronomical Society|language=en|volume=258|issue=1|pages=14P–18P|doi=10.1093/mnras/258.1.14P|issn=0035-8711|arxiv=astro-ph/0502178|bibcode=1992MNRAS.258P..14P|s2cid=17945298}}</ref>
 
== Airíonna damhna ==