An difríocht idir athruithe ar: "Olltoghchán na hÉireann, 2020"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 2:
Tharla '''Olltoghchán na hÉireann, 2020''' ar Shatharn 8ú Feabhra 2020 i [[Poblacht na hÉireann|bPoblacht na hÉireann]], chun an 33ú [[Dáil Éireann]] a thoghadh. Bhí 159 ceann de na 160 suíochán atá i nDáil Éireann le buachan, gach suíochán seachas suíochán an [[Ceann Comhairle|Chinn Chomhairle]].
 
Don chéad uair i stair Dháil Éireann, chríochnaigh an toghchán leagus trí pháirtí beagnach gob ar ghob lechun a bheith ar an bpáirtí is mó sa Dáil. Bhuaigh an dá mhórpháirtí traidisiúnta, [[Fianna Fáil]] agus [[Fine Gael]], 37 suíochán agus 35 suíochán faoi seach, ach in éindí leo siúd bhuaigh [[Sinn Féin]] 37 suíochán agus an líon is airde de vótaí céadrogha, an toradh is fearr a bhí ag an bpáirtí sin ó cuireadh ar bun ina fhoirm reatha é sa bhliain 1970. Seo an chéad uair nárbh é Fianna Fáil, Fine Gael, nó [[Cumann na nGaedheal|Cumann na nGaedhael]] (páirtí as ar eascair Fine Gael) a bhuaigh an líon is airde de na vótaí céadrogha in olltoghchán sa stát ó [[1922]].
 
Ar 26ú Meitheamh, tháinig Fianna Fáil, Fine Gael, agus an [[Comhaontas Glas]] ar shocrú rialtais, agus mar sin cuireadh rialtas de chuid na trí pháirtí sin ar bun ar 27ú Meitheamh. De réir an tsocraithe, tá [[Mícheál Ó Máirtín]], ceannaire Fhianna Fáil, le bheith ina Thaoiseach don chéad leath den tréimhse cúig bliana atá an rialtas le maireachtáil de réir an tsocraithe; agus [[Leo Varadkar]], ceannaire Fhine Gael, le bheith ina Thaoiseach don dara leath. Don chéad uair, is é Sinn Féin an freasúra oifigiúil sa Dáil, agus [[Mary Lou McDonald]], ceannaire Shinn Féin. ar an gcéad bhean a raibh an ról sin aici.