An difríocht idir athruithe ar: "Pol Pot"

Content deleted Content added
tá an t-alt i bhfad ró-fhada fós
Líne 93:
 
Nuair a bhí an bhliain 1973 ag druidim chun deiridh, ghlac Pol Pot pleananna straitéiseacha i leith thodhchaí an chogaidh. B'é an chéad chinneadh ná gach bealach soláthair a bhain den phríomhchathair agus í a imdhúnadh. B'é an dara cinneadh ná diansúil a choinneáil ar na daoine a bhí ag iarraidh éalú as an gcathair le caoinchead na gCiméarach Dearg. B'é an dearcadh a bhí ag Pol Pot ar mhuintir na cathrach gur frídíní galair a bhí iontu agus gur chóir na scológa sa chuid den tír a bhí sealbhaithe aige a chosaint ar tholgadh an ghalair seo. D'ordaigh sé freisin purguithe ginearálta a chur i bhfeidhm. Bhí iar-státseirbhísigh agus lucht oideachais le purgú thar aon aicme eile. Tógadh sraith de phríosúin nua sna críocha a bhí forghafa ag na Ciméaraigh Dhearga. Faoin am seo, d'éirigh na ''Cham'', mionlach eitneach a raibh a gcultúr á bhaint díobh de réir phéindlíthe Pol Pot, - d'éirigh siad amach in aghaidh na gCiméarach Dearg. Ní raibh fórsaí Pol Pot i bhfad á gcloí, agus i ndiaidh na gcathanna, d'ordaigh Pol Pot lucht na ceannairce a chéasadh go brúidiúil. Mar a rinneadh roimhe sin, b'iad na ''Cham'' ba thúisce a bhí thíos le polasaithe cruálacha Pol Pot, sular cuireadh i bhfeidhm ar na Ciméaraigh féin iad.[[Íomhá:Pol Pot2.jpg|thumb|Pol Pot|clé]]Bhí sé de pholasaí ag na Ciméaraigh Dhearga freisin muintir na gcathrach a aslonnú agus a thabhairt go dtí na ceantair thuaithe. Nuair a d'fhorghabh na Ciméaraigh Dhearga an chathair úd Kratie sa bhliain 1971, tháinig sé aniar aduaidh ar Pol Pot agus ar bhoic mhóra eile an Pháirtí Chumannaigh chomh sciobtha agus a chaith muintir na cathrach an Sóisialachas díobh agus ar chrom siad ar a sean-nósanna arís. Baineadh triail as a lán smaointí leis an gCumannachas a chur i bhfeidhm ar na cathracha, ach ní raibh maith ar bith iontu. Sa bhliain 1973, agus é ag dul ar mire le frustrachas, chinn Pol Pot gurb é an t-aon fhuascailt amháin ná muintir na cathrach a scoitheadh d'fhód a ndúchais agus a sheoladh go dtí an tuath. Scríobh sé: "Más é is toradh don oireadh sin íobairtí gurb iad lucht an rachmais a fhanfaidh i mbun na gcúrsaí, an bhfuil maith ar bith sa réabhlóid ar aon nós?" Go gairid ina dhiaidh sin, d'ordaigh Pol Pot muintir chathair Kompong Cham, 15,000 duine ar fad, a aslonnú ar an gcúis seo. Sa bhliain 1974, bhí sé de mhisneach sna Ciméaraigh Dhearga cheana muintir Oudong, cathair a bhí ní ba mhó ná Kompong Cham, a aslonnú ar an dóigh chéanna.
[[Íomhá:Emblem of Democratic Kampuchea (1975–1979).svg|mion|Suaitheantas na Campúise Daonlathaí 1975–1979]]
Go hidirnáisiúnta, d'éirigh le Pol Pot agus na Ciméaraigh Dhearga aitheantas a bhaint amach ó thrí thír is trí scór mar fhíor-rialtas ar an gCambóid. Sa deireadh, d'fhéach siad le suíochán na Cambóide sna Náisiúin Aontaithe a shealbhú chomh maith. B'é an rialtas oifigiúil a choinnigh an suíochán, ach má choinnigh, ní bheadh ach tromlach dhá vóta i bhfách leis.