An difríocht idir athruithe ar: "Mark Twain"

Content deleted Content added
+WD Bosca Sonraí Duine / DEFAULTSORT
Is it just possible to make sure that any pictures pushed to the bottom with overly long text boxes are shifted left. This should be very quick.
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
 
[[File:Mark Twain at Stormfield (1909).webm|thumb|Mark Twain (1909)|clé]]
[[Íomhá:Mark Twain-Shirtless-ca1883.jpg|clé|mion|1883]]
Scríbhneoir [[SAM|Meiriceánach]], óráidí poiblí, aorthóir, iriseoir, goineadóir agus fear mór nathadóireachta ab ea '''Samuel Langhorne Clemens''', nó '''Mark Twain''' ([[30 Samhain]] [[1835]] - [[21 Aibreán]] [[1910]]). Ba iad na [[úrscéal|húrscéalta]] greannmhara ''The Adventures of Huckleberry Finn'' agus ''The Adventures of Tom Sawyer'' ba mhó a thabhaigh a chlú dó, ach le fírinne, ba scríbhneoir bisiúil agus iriseoir proifisiúnta é ar tháinig a lán eile as a pheann. Deirtear inniu gurbh é Twain an chéad scríbhneoir riamh a bhain adhmad ceart as caint na ndaoine sna Stáit Aontaithe.
Líne 11:
Fuair athair Sam bás le niúmóine nuair a bhí an buachaill aon bhliain déag d'aois. Bliain ina dhiaidh sin fuair sé fostú ina phrintíseach clódóra. Sa bhliain 1851, thosaigh sé ag obair ina chlóchuradóir do nuachtán a dhearthár Orion Clemens, an ''Hannibal Journal'', agus d'fhoilsigh sé ailt ar an [[nuachtán]] ó am go ham.
 
Nuair a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois, d'fhág sé Hannibal le seal a chaitheamh ag clódóireacht in áiteanna eile, ar nós [[Nua-Eabhrac]], [[Cincinnati]], agus [[Philadelphia]]. Chaitheadh sé cuid mhór dá am saor sna leabharlanna poiblí ag tarraingt oideachais chuige féin. D'fhill sé abhaile nuair a bhí sé dhá bhliain is fiche d'aois. [[Íomhá:Mark Twain by AF Bradley.jpg|mion|1907|clé]]Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag foghlaim cheird an phíolóta ar longa móra na habhann, agus bhain sé amach a chuid dintiúr sa bhliain 1859. Mheall sé a dheartháir, Henry, chuig an gceird chéanna, ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil, fuair Henry bás nuair a phléasc an galinneall ar bhord a loinge, ar an 21 Meitheamh 1858. Bhí Mark Twain á mhilleánú féin faoi bhás a dhearthár go lá a bháis féin, ní nach ionadh.
 
Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag foghlaim cheird an phíolóta ar longa móra na habhann, agus bhain sé amach a chuid dintiúr sa bhliain 1859. Mheall sé a dheartháir, Henry, chuig an gceird chéanna, ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil, fuair Henry bás nuair a phléasc an galinneall ar bhord a loinge, ar an 21 Meitheamh 1858. Bhí Mark Twain á mhilleánú féin faoi bhás a dhearthár go lá a bháis féin, ní nach ionadh.
 
Shaothraigh Sam óg a chuid ag píolótaíocht long go dtí gur thosaigh cogadh cathartha na Stát Aontaithe sa bhliain 1861. Ansin, cuireadh srianta leis an loingseoireacht abhann, agus b'éigean do mo dhuine éirí as an gceird. Ar dtús, chaith sé dhá sheachtain ina óglach ag troid ar son an Deiscirt mar dhea, ach ansin, thréig sé an feachtas sin agus lean sé a dheartháir go dtí [[Nevada]], áit a raibh post faighte ag Orion ina rúnaí do ghobharnóir na críche (ní raibh Nevada ina stát go fóill). Chaith Sam agus Orion dhá sheachtain ag taisteal i gcóiste na litreach, agus spreag an turas fada seo Sam chun [[iriseoireacht]]a. Tá na leabhair ''Roughing It'' agus ''The Celebrated Jumping Frog of Calaveras County'' bunaithe ar eachtraí Sam sa tréimhse seo dá shaol.
[[Íomhá:Mark Twain by AF BradleyDLitt.jpg|clé|mion|1907, [[Ollscoil Oxford]], D.Litt]]
Shocraigh Sam Clemens faoi i Virginia City, Nevada, agus bhain sé triail as saol an mhianadóra ansin. Ní raibh mórán maithe ann ag [[mianadóireacht]], ach fuair sé post leis an [[nuachtán]] áitiúil, an ''Territorial Enterprise''. Ansin a bhaist sé "Mark Twain" air féin freisin. Fuair sé an t-ainm seo ó theanga na loingseoireachta, nó is ionann ''mark twain'' agus marc a dó, is é sin, doimhneacht dhá fheá.
 
Sa bhliain 1864, chuaigh Mark Twain go San Francisco, agus casadh scríbhneoirí óga eile air ansin, ar nós Bret Harte nó Artemus Ward. Is féidir go raibh cumann grá éigin aige leis an mbanfhile óg Ina Coolbrith. Faoin am sin a bhain Twain amach an chéad chlú, nó foilsíodh an scéal ''The Celebrated Jumping Frog of Calaveras County'' ar an 18 Samhain 1865 ar an ''New York Saturday Press''. An bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé go dtí Oileáin Sandwich (inniu, [[Haváí]]), agus scríobh sé scéalta taistil faoi na hoileáin a thabhaigh tuilleadh clú dó mar scríbhneoir.
 
[[Íomhá:Mark Twain DLitt.jpg|clé|mion|1907, [[Ollscoil Oxford]], D.Litt]]
Sa bhliain 1867, mhaoinigh nuachtán áitiúil cuairt ar thíortha na Meánmhara dó. Ar an turas seo a bhreac sé síos sraith de litreacha taistil a foilsíodh faoi chlúdach leabhair faoin teideal ''The Innocents Abroad''. Ansin a fuair sé aithne ar Mheiriceánach óg darbh ainm Charles Langdon, agus nuair a thaispeáin Charles pictiúr a dheirféar Olivia (Livy) dó, thit Twain i ngrá leis an gcailín ar an toirt.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{síol}}
 
{{DEFAULTSORT:Twain, Mark}}