An difríocht idir athruithe ar: "An Iodáil"

87 bytes added ,  6 mhí ó shin
m
== Polaitíocht ==
[[Íomhá:Italian Chamber of Deputies current.svg|mion|Suíomhanna i dTeach na dTeachtaí, teach íochtarach Pharlaimint na hIodáile]]
Tar éis an olltoghcháin is déanaí sa bhliain 2018, cuireadh rialtas ar bun idir ''[[Gluaiseacht na gCúig Réalta]]'', páirtí polaitíochta [[Pobalachas|pobalach]] agus frith-chórasach, agus ''[[Lega Nord|An Conradh]],'' páirtí den [[Eite dheis|eite fhad-dheis,]] agus an polaiteoir neamhspleách [[Giuseppe Conte]] ina uachtarán ar Chomhairle na nAirí, ról atá cosúil le ról an [[Taoiseach|Taoisigh]] in [[Poblacht na hÉireann|Éirinn]]. D'athraíodh comhdhéanamh polaitiúil an rialtais dhá uair ó shin, áfach. I Mí Lúnasa 2019, chinn An Conradh teacht amach as an rialtas, agus mar sin, cuireadh rialtas nua ar bun le tacaíocht ó Ghluaiseacht na gCúig Réalta; ón ''bPáirtí Daonlathach'', páirtí den [[Eite chlé|eite lár-chlé]]; agus ó ''Shaor agus Cothrom'', páirtí den [[eite chlé]], i Mí Mheán Fómhair. Go luath ina dhiaidh sin, d'imigh cuid d'fheisirí parlaiminte An Pháirtí Dhaonlathaigh chun páirtí nua [[Liobrálachas|liobrálach]], ''Italia Viva'' ('An Iodáil Beo') a chur ar bun: mar sin féin, lean siad orthu ag tacú leis an rialtas. Níor mhair an socrú seo ach bliain go leith, áfach: i Mí Eanáir 2021, tharraing Italia Viva amach as an rialtas mar gheall ar easaontais éagsúla idir iadsan agus an t-Uachtarán Conte agus na trí pháirtí rialtais eile. Ó ba rud é nach raibh tromlach i dTeach na dTeachtaí ag an rialtas gan tacaíocht Italia Viva, thug Conte fógra d'Uachtarán na Poblachta, Sergio Mattarella (ról atá cosúil le ról an [[Uachtarán na hÉireann|Uachtaráin]] in Éirinn) go raibh sé de rún aige éirí as. I Mí na Feabhra, thángthas ar shocrú rialtais nua eile idir réimse leathan páirtithe - le tacaíocht ó Ghluaiseacht na gCúig Réalta, ón gConradh, ón bPáirtí Daonlathach, ó Viva Italia, ó Shaor agus Cothrom, agus ón bpáirtí Forza Italia ar an [[eite dheis]], chomh maith le scata páirtithe beaga eile - faoina bhfuil an t-iar-státsheirbhíseach agus iarcheannaire de chuid an [[Banc Ceannais Eorpach|Bhainc Cheannais Eorpaigh]] Mario Draghi ina uachtarán ar Chomhairle na n-Airí.
 
== Bia ==
2,992

edits