An difríocht idir athruithe ar: "An Iodáil"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 49:
D'athraíodh comhdhéanamh polaitiúil an rialtais dhá uair ó shin, áfach. I Mí Lúnasa 2019, chinn An Conradh teacht amach as an rialtas, agus mar sin, cuireadh rialtas nua ar bun le tacaíocht ó Ghluaiseacht na gCúig Réalta; ón ''bPáirtí Daonlathach'', páirtí den [[Eite chlé|eite lár-chlé]]; agus ó ''Shaor agus Cothrom'', páirtí den [[eite chlé]], i Mí Mheán Fómhair. Go luath ina dhiaidh sin, d'imigh cuid d'fheisirí parlaiminte An Pháirtí Dhaonlathaigh chun páirtí nua [[Liobrálachas|liobrálach]], ''Italia Viva'' ('An Iodáil Beo') a chur ar bun: mar sin féin, lean siad orthu ag tacú leis an rialtas.
 
Níor mhair an socrú seo ach bliain go leith, áfach: i Mí Eanáir 2021, tharraing Italia Viva amach as an rialtas mar gheall ar easaontais éagsúla idir iadsan agus an t-Uachtarán Conte agus na trí pháirtí rialtais eile. Ó ba rud é nach raibh tromlach i dTeach na dTeachtaí ag an rialtas gan tacaíocht Italia Viva, thug Conte fógra d'Uachtarán na Poblachta, [[Sergio Mattarella]] (ról atá cosúil le ról an [[Uachtarán na hÉireann|Uachtaráin]] in Éirinn) go raibh sé de rún aige éirí as. I Mí na Feabhra, thángthas ar shocrú rialtais nua eile idir réimse leathan páirtithe - le tacaíocht ó Ghluaiseacht na gCúig Réalta, ón gConradh, ón bPáirtí Daonlathach, ó Viva Italia, ó Shaor agus Cothrom, agus ón bpáirtí ''Forza Italia'' ('Ar aghaidh, a Iodáil') ar an [[eite dheis|eite lár-dheis]], chomh maith le scata páirtithe beaga eile - faoina bhfuil an t-iar-státsheirbhíseach agus iarcheannaireiar-uachtarán de chuid an [[Banc Ceannais Eorpach|Bhainc Cheannais Eorpaigh]] Mario Draghi ina uachtarán ar Chomhairle na n-Airí.
 
== Bia ==