An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainn"

12 bytes removed ,  8 mí ó shin
m
Ceartú ó thaobh ciall na habairte
m (Ceartú ó thaobh ciall na habairte)
Is í an Íoslainn an t-ochtú h[[oileán]] déag is mó ar [[An Domhan|domhan]], agus í suite san [[An tAigéan Atlantach|Aigéan Atlantach]] idir [[an Ghraonlainn]], [[an Iorua]], [[Éire]], [[Albain]] agus [[Oileáin Fharó]]. Tá [[an Ciorcal Artach]] gar do oileán [[Grímsey]] lastuaidh d'oileán mór na hÍoslainne. Cuid den [[An Eoraip|Eoraip]] is ea í fós, cé go bhfuil an tír scoite amach ón [[Mór-roinn|mhór-roinn]].
 
[[Tundra]] is ea 62.7% den tír; [[loch|lochanna]]<nowiki/>anna agus [[oighearshruth|oighearshruthanna]]<nowiki/>anna is ea 14.3% den chuid eiledi agus níl ach 23% di faoi fhásra.<ref name="lmi">[http://www.lmi.is/landsurvey.nsf/pages/index.html Suirbhé Náisiúnta Talún na hÍoslainne]</ref> Tá an [[cósta]] 4,970 [[ciliméadar]] ar fad agus mórán caolsáilí ann. Is ann atá formhór na n[[Duine|daoine]] ina gcónaí, agus na [[Sliabh|sléibhte]] chomh fuar neamhthorthúil sin. Is iad na bailte is mó [[Réicivíc]], Kópavogur, Hafnarfjörður, Reykjanesbær (mar a bhfuil an t-aerphort idirnáisiúnta), agus Akureyri. Tá daoine ina gcónaí ar oileán Grímsey, an chuid den tír is faide ó thuaidh.<ref>[https://www.cia.gov/library/publications/the-world-factbook/geos/ic.html "CIA factbook"]</ref>
 
Tá ceithre pháirc náisiúnta ann: Jökulsárgljúfur, Skaftafell, Snæfellsjökull agus Þingvellir.
Níor tugadh féinrialú don Íoslain go dtí an bhliain 1874, agus méadaíodh é sa bhliain 1904. Ar [[1 Nollaig]] [[1918]] socraíodh leis an Danmhairg go mbeadh an Íoslainn ina stát neamhspleách faoi Choróin na Danmhairge. Faoin am sin bhí aghaidh ag neart Íoslannach ar [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]], go háirithe [[Ceanada]]; d’imigh timpeall 15,000 duine as pobal 70,000 sa chuid dheireanach den 19ú haois.<ref>[http://web.archive.org/web/20081207012354/http://www.iht.com/articles/2008/12/05/business/iceland.php For Iceland, an exodus of workers], International Herald Tribune, December 5, 2008</ref>
 
Sa Dara Cogadh Domhanda d’fhógair an Íoslainn, ar nós na Danmhairge, go raibh sí neodrach. Nuair a rinne [[an Ghearmáin]] an Danmhairg a fhorghabháil ar [[9 Aibreán]] [[1940]], dúirt parlaimint na hÍoslainne gur chóir do Rialtas na hÍoslainne údarás an Rí a ghlacadh chuici chun go bpléifeadh sé le gnóthaí eachtracha agus cúrsaí eile a mbíodh an Danmhairg ina mbun ar son na hÍoslainne. I gceann míosa ghabh fórsaí armtha na Breataine an tír, rud ab fhearr le mórán Íoslannach ná ionradh Gearmánach; sa bhliain 1941 tháinig fórsaí [[Meiriceá]]<nowiki/>nacha in ionad na Breataine, agus d’fhan siad ann mar arm forghabhála go ceann an Chogaidh.
 
[[Íomhá:6-inch naval gun overlooking Reykjavik Bay in Iceland, August 1940. H3124.jpg|mion|gunna, bá Reykjavik, Lúnasa 1940]]
3,004

edits