An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí an Athchóirithe (An Ríocht Aontaithe)"

m
no edit summary
m (Bhog AdamLibh an leathanach Brexit Party go Páirtí an Athchóirithe (An Ríocht Aontaithe): Athainmníodh an páirtí i Mí Eanáir)
m
[[Íomhá:Brexit_Party.svg|deas|250px|thumb|Lógó an pháirtí (roimh an athainmniú mar ''The Reform Party'')]]
Tá '''Páirtí an Athchóirithe''', ar a dtugtaí '''Páirtí an Bhreatimeachta''' go dtí le déanaí (''Reform Party/Reform UK'' agus ''Brexit Party'' as [[An Béarla|Béarla]]) ar cheann de na [[Páirtí polaitíochta|páirtithe polaitiúla]] sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 2019 faoin ainm ''The Brexit Party'', agus [[Nigel Farage]] ina cheannaire air. Bunaíodh é chun feachtasaíocht a dhéanamh ar son imeacht láithreach na Ríochta Aontaithe den [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], mar dheireadh don phróiseas [[Breatimeacht|Breatimeachta]], agus b'í tuairim an pháirtí gur 'fealladh ar an daonlathas' é nár imigh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach ar spriocdháta bunaidh an phróisis, 30ú Aibreán 2019.<ref>{{Cite news|teideal=Nigel Farage to lead new pro-Brexit party if EU departure delayed|url=https://www.theguardian.com/politics/2019/jan/20/nigel-farage-to-lead-new-pro-brexit-party-if-eu-departure-delayed-ukip|work=The Guardian|dáta=2019-01-20|dátarochtana=2019-05-08|language=en-GB|údar=Josh Halliday}}</ref>
 
Sheas an páirtí a chéad iarrthóirí polaitiúla sna toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2019. Bhain sé amach 30.5% den vóta agus 29 de na 73 shuíochán a bhí le fáil sa Ríocht Aontaithe, é sin á chur ar an bpáirtí ba mhó sa toghchán sin. Fuair siad 2.0% de na vótaí in [[Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019|Olltoghchán 2019 na Ríochta Aontaithe]], gan suíochán ar bith i [[Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe|dTeach na dTeachtaí]] a bhaint amach.
3,002

edits