An difríocht idir athruithe ar: "Atmaisféar an Domhain"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Rinne mé cóip agus greamú Matt Hussey...níos fearr... eagarthóireacht a dhéanamh ǃ
Líne 1:
{{glanadh}}
{{WD Bosca Tíreolaíocht Fhisiceach}}IsAn éardt-imchlúdach tanaí aeir a choimeádtar timpeall an Domhain ag an aomadh domhantarraingthe is ea '''atmaisféar an Domhain''' ann (Gréigis: ἀτμός - atmos "gal" agus σφαῖρα - sphaira "sféar")ː<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Matt Hussey|date=2011|title=Fréamh an Eolais|issue=Coiscéim}}</ref> nítrigin (78%), ocsaigin (20%), déocsaíd charbóin (níos lúciseal1%), gáisargón mórthimpeall(níos an phláinéid dhomhanda1 %) a bhíonnchomhdhéanamh, coinnitheach tagann galuisce is rianmhéid de bharrhidrigin, domhantarraingthehéiliam, anmeatán, domhaincrioptón, neon, xeineon, ózón is truaillithe éagsúla san áireamh freisin.
Cosnaíonn an t-atmaisféar beatha ar Domhan trí ionsú radaíocht ultraivialait na gréine, téamh an dromchla trí teas a choinneáil (iarmhairt cheaptha teasa), agus trí laghdú teochta thar fóir idir lá agus oíche (an t-athrú teochta laethúla).
 
Ní mar sin a bhí i gcónaí: ar dtús meastar gur meascán de mheatán is amóinia a bhí san atmaisféar. Le hathruithe fisiciúla ar dhromchla an Domhain agus éabhlóid na bplandaí, tháinig an comhdhéanamh chun a bheith mar a bhfuil sé timpeall 20 milliún bliain ó shin.
 
Tá an ocsaigin ann de bharr na beatha, agus go mór mór de bharr na fótaisintéise, an cumas atá ag plandaí feidhm a bhaint as fuinneamh sholas na Gréine. Glacann plandaí déocsaíd charbóin isteach, agus cruthaíonn an próiseas fótaisintéise ocsaigin ghásach mar fhotháirge.
 
Baineann dó breoslaí is meitibileacht ainmhithe feidhm as ocsaigin, agus cruthaíonn déocsaíd charbóin mar fho-tháirge. Cuid lámach den éiceachóras domhanda an t-atmaisféar. Má athraítear tiúchan aon fho-choda nádúrtha, nó má shuimítear aon ábhar as an nua, b'fhéidir go mbeidh córas beatha an Domhain thíos leis. Samhlaítear an t-atmaisféar roinnte ina sceallaí comhlámacha.
 
Sa trópaisféar, ó dhromchla an Domhain go dtí an trópastad timpeall 14 km in airde (mar a mbíonn an teocht ag -60°C), a tharlaíonn an aimsir, gaotha, báisteach is sneachta. Os cionn an trópastad tá an strataisféar, suas go dtí timpeall 50 km mar a bhfuil an stratastad (agus an teocht ag O°C).
 
Tá an ciseal ózóin, a chosnaíonn daoine, ainmhithe is plandaí ón radaíocht ultraivialait sa ghrianradaíocht, ag airde timpeall 28 km. Os cionn an stratastad tá an méisisféar, a shíneann go dtí airde 80 km (mar a mbíonn an teocht ag - 100°C). Scarann an méiseastad an méisisféar ón teirmisféar (agus an teocht ann suas le 1 00°C ag airde timpeall 130 km, suas le 1 200 °C ag 600 km) a shíneann amach sa spás.
 
Ag airde timpeall 400 km tá an sceall a dtugtar an t-easféar air, ar féidir le gáis éadroma éalú uaidh. Cuimsíonn an t-ianaisféar an méisisféar is an teirmisféar, leis an D-chiseal timpeall 80 km in airde, ciseal Heaviside (E-chiseal) ag timpeall 120 km, agus ciseal Appleton (F-chiseal) timpeall 260 km in airde.
 
== Brú atmaisféarach ==