An difríocht idir athruithe ar: "John Donne"

Content deleted Content added
Ag baint JohnDonne.jpg amach, agus ag chur John_Donne_by_Isaac_Oliver.jpg isteach mar ionadúchán. (Scrios CommonsDelinker é ón Cómhaoin mar: [[:c:COM:Dupli
No edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
[[Íomhá:John Donne by Isaac Oliver.jpg|thumb|deasclé|John Donne]]
 
B'fhile [[Meitifisic|meitifisiciúil]] [[Sasana]]ch é '''John Donne''' nó '''Dunne''' ([[1572]] – [[31 Márta]], [[1631]]) le linn réimeas Rí [[Séamus I Shasana]]. Bhí sé ina [[Dlíodóir|dhlíodóir]] agus ina eaglaiseach chomh maith.
[[Íomhá:Portrait engraving of John Donne by William Marshall.jpg|clé|mion|1639]]
 
== Saol ==
{{síol}}
Mac le teaghlach [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceach]] séantach ab ea. D'fhreastail sé ar [[Ollscoil Oxford]] agus [[Ollscoil Cambridge]] freisin. Ach ní raibh sé in ann céim a fháil mar gheall ar a [[Creideamh|chreideamh]] ag an am.<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://www.facebook.com/UCDSchoolofLaw/posts/4207943465896612|teideal=John Donne|údar=Scoil Dlí, COBÁC|dáta=2018|dátarochtana=2021}}</ref> D'éirigh sé as ina dhiaidh sin, chun teacht isteach in Eaglais Shasana agus bhí ina phoileimiceoir frith-Chaitliceach iomráiteach.
 
Rinne sé staidéar ar an dlí ag Thavie's Inn, ósta de chuid na seansaireachta. Ligeadh isteach i Lincoln's Inn é sa bhliain 1592, cé nár glaodh chun an Bharra é riamh. Ag an am céanna, bhí Dunne ag dlíodóireacht ar bhealach éigin ar feadh an chuid is mó dá shaol fásta; deireadh a phoist sa rítheaghlach tar éis dó pósadh go neamhfhianaithe ba chúis leis seo den chuid is mó.<ref name=":0" />
 
Ar iarratas Rí Séamas, oirníodh ina ministir in [[Eaglais Shasana]] é sa bhliain 1615. Toisc go raibh oiliúint agus taithí sa dlí aige, iarradh air go minic a bheith ina [[Breitheamh|bhreitheamh]] eaglasta.<ref name=":0" />
 
Nuair a ceapadh mar Dhéan [[Ardeaglais Naomh Pól]] é sa bhliain 1631, bhain sé sláine airgeadais amach, go deireadh a shaoil. Mar sin féin, bhí scamall bróin ar na blianta a bhí fágtha dó mar gheall ar mhéala agus ar thinneas. Mhéadaigh múnla an chreidimh a bhí ar a chuid scríbhinní, nach raibh gaol aige leis an spraíúlacht agus an sceipteachas a bhaineann le chuid mhór den saothar a rinne sé níos luaithe.<ref name=":0" />
[[Íomhá:No man is an island entire of itself; every man is a piece of the continent, a part of the main. John Donne, 1572-1631 - en .svg|clé|mion|‘Ní oileán duine ar bith,’ nó "No man is an Iland, intire of it selfe; every man is a peece of the Continent, a part of the maine." [[wikisource:Meditation_XVII|'''Meditation #17''' By John Donne From Devotions upon Emergent Occasions (1623), XVII:]]<ref name=":1">{{Luaigh foilseachán|title=Meditation XVII|url=https://en.wikisource.org/wiki/Meditation_XVII|author=John Donne}}</ref>]]
 
== Saothar ==
File meitifisiciúil a raibh domhan na gcéadfaí á chíoradh agus á cheiliúradh aige go rí-mhinic ba ea Donne.
 
‘Ní oileán duine ar bith,’ nó <nowiki>''Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’'</nowiki> a scríobh John Donne, i gceann dá chuid dánta is cáiliúla.<ref name=":1" /><ref>'Ní gá dúinn dul níos faide ná seanfhocal sa Ghaeilge (‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’) le tuiscint a bhaint amach ar na bealaí casta éagsúla a ndéanann an duine an saolnua-aoiseach a láimhseáil.' Deireadh na príobháide. An tUltach 88 (3), 8. Ciarán Mac Murchaidh (2011)</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1572|Donne, John]]
[[Catagóir:Básanna i 1631|Donne, John]]
[[Catagóir:Filí|Donne, JohnSasanacha]]