Éirí is tuirlingt ghearr

Saghas aerárthaigh a dheartar chun éirí ón talamh agus tuirlingt in achar gearr aerbhealaigh (ní hionann is éirí is tuirlingt ingearach). Bíonn feistí aeridinimiciúla ar leith air a dhéanann deimhin de go bhfuil an fórsa ardaithe láidir faoi nuair a bhíonn a luas cothrománach íseal, é ábalta tuirlingt ag uillinn ghéar is stopadh go tapa ar an talamh. Níor ródheacair é seo go dtí an dara cogadh domhanda mar bhíodh na heitleáin éadrom is na luasanna íseal go leor, ach dúshlán i bhfad níos deacra a bhí ann nuair a méadaíodh meáchan is luas na n-eitleán ina dhiaidh sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Éirí is tuirlingt ghearr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.