Énnae Cennsalach

rí Éireannach

Rí na Laighean den 5ú haois agus bunaitheoir chlann Uí Chinnsealaigh ba ea Éanna Cinnsealach (Meán-Ghaeilge Énnae Cennsalach). Garmhac an iar-rí, Breasal Béalach, (bás 436) ba ea é.[1]

Infotaula de personaÉnnae Cennsalach
Teaghlach
TeaghlachUí Chinnsealaigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCriomhthann mac Éanna Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaDúnlaing mac Énda Niada (col ceathair fir) Cuir in eagar ar Wikidata

Is doiléir é croinic ríthe na Laigean sa 5ú haois. Faightear é sa Leabhar Laighneach, ach ní sna hannála.[2]

Insítear Céitinn faoi cogaidh idir Ard-Rí na hÉireann, Eochaid Mugmedón, in éadan Éanna. Chloígh na Laigin Eochaidh ag Cath Cruachan Claonta.[3]

De réir na seanscéalta Anbhás Néill (Aided Néill) agus Argain Néill Naoighiallaigh (Orcuin Néill Noígíallaig), maraíodh Niall ag mac Éannae, Eochaidh (Eochu). Insítear san Argain gur mharaigh Eochaidh príomhfhile Néill. Choinnigh Niall dá bharr na Laigin faoi shíorionsaí agus chuir sé Eochaidh ar deoraíocht. Fuair Eochaidh tearmann le rí Earc Dhál Riada agus mharaigh sé Niall níos déanaí ar a theacht ar ais ó ruathar. Insítear san Anbhás gur bhain Fearghas mac Néill cúiteamh amach agus mharaigh sé Eochaidh.

Rinneadh rí Laigean de Criomhthann mac Éanna (bás 486). Sinsear Uí Feidhlimí ba ea mac eile.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Tagairtí cuir in eagar

  1. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 8
  2. Leabhar Laighneach, Rig Lagen
  3. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Imleabhar I, ll. 365-369