Is é Cumann Onórach Óstaí an Rí an t-aon institiúid i bPoblacht na hÉireann a bhfuil sé mar cumhacht aici céim Abhcóide Dlí a bhronnadh. Ní ghairtear chuig Barra na hÉireann ach iad sin a bhfuil an chéim seo acu.

Bosca Sonraí EagraíochtaÓstaí an Rí
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

ManaNolumus Mutari Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcoláiste rialaitheach
eagraíocht oideachais
institiúid oideachais Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1541 (Féilire Ghréagóra)
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinkingsinns.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Stair cuir in eagar

Bhunaigh dlíodóirí i mBaile Átha Cliath cumamn nua dóibh féin sa bhliain 1541. Thug Anraí VIII Shasana cead dóibh an cumann a bhunú. Chomh maith leis sin thug sé seanmhainistir dóibh a dhún sé roimhe sin. Thug na dlíodóirí Óstaí an Rí ar an gCumann mar ómós dó (d’athraigh an t-ainm de réir a chéile). D’athbhunaigh Arthur Chichester an Cumann sa bhliain 1607.[1]

Bhí an Cumann suite ar Ché na nÓstaí go dtí deireadh na 18ú haois. Ba mhór dó bogadh ansin mar bhí na Ceithre Cúirteanna á thógáil ansin. Fuair an Cumann áit nua ag barr Shráid Henrietta agus d’iarr na binseoirí ar James Gandon foirgneamh a dhearadh don cumann.[2] Thosaigh obair na tógála i 1800. Thóg an Cumann leabharlann idir 1826 agus 1832.[3]

Ballraíocht cuir in eagar

Cuimsíonn an Cumann binseoirí, abhcóidí agus mic léinn.[4]

Tá scrúdaithe iontrála don cumann gach bliain.[5] Tá céim dlí formheasta nó dioplóma an Chumainn i Léinn Dlí riachtanach dóibh a bhfuil ag iarraidh na scrúdaithe a dhéanamh. Má éiríonn le hiarrthóir sna scrúdaithe seo, ligtear isteach sa Chumann é mar mhac léinn.

Déanann an mac léinn cúrsa ar feadh bliain nó dhá bhliain. Má éiríonn le mac léinn sa chúrsa seo, bronnadh céim Abhcóide Dlí air, agus gaireann an Príomh-Bhreitheamh chuig an Barra é.

Toghann na abhcóidí líon díobh mar binseoirí. Is binseoirí iad freisin breithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte ar fad.[6]

An Scoil Dlí cuir in eagar

Is é an príomhról atá ag an gCumann ná abhcóidí nua a oil, agus is í Scoil Dlí an Chumainn a dhéanann é sin. Is í an Scoil an institiúid oideachais dlí is sine in Éirinn. Is féidir le mic léinn an chúrsa gairmeach a dhéanamh i mbliain amháin nó ar feadh dhá bhliain. Ní cúrsa acadúil atá i gceist leis seo ach cúrsa praiticiúil don ghairm.

Tá cúrsa dlí acadúil ag an Scoil chomh maith .i. an Dioplóma i Léinn Dlí. Is cúrsa é seo dóibh nach bhfuil céim dlí acu agus atá ag iarraidh an chúrsa gairmeach a dhéanamh. Ligtear céimí ollscoile agus léinn aibí a bhfuil taithí ábhartha acu an cúrsa seo a dhéanamh. Maireann an cúrsa seo dhá bhliain.

Chomh maith leis na cúrsaí thuas, bíonn cúrsaí eile ar siúl ag an Scoil d’abhcóidí agus do dhaoine eile ó am go ham.[7]

Cumann Díospóireachta Mhic Léinn Dlí na hÉireann cuir in eagar

Is é Cumann Díospóireachta Mhic Léinn Dlí na hÉireann (CDMLDÉ) (Law Students Debating Society of Ireland / LSDSI) an t-aon chumann do mhic léinn in Óstaí an Rí. D’ainneoin a hainm, ní cumann díospóireacha amháin é. Eagraíonn sé comórtais bhréagchúirte agus díospóireachta chomh maith le cúrsaí spóirt agus sóisialta na hÓstaí.

Bunaíodh an CDMLDÉ i 1830. De réir a bhunreacht, is baill de é gach mac léinn an Chumainn. Toghann na baill ceann díobh gach bliain chun a bheith ina reachtaire ar an CDMLDÉ. Ceapann an reachtaire coiste chun cabhrú leis an CDMLDÉ a eagraigh.

Baill Cháiliúla cuir in eagar

Dlí cuir in eagar

Gnó cuir in eagar

Polaitíocht cuir in eagar

Réabhlóidithe cuir in eagar

Spórt cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar