Údarás Craolacháin na hÉireann / An BAI

Is a bhí i Údarás Craolacháin na hÉireann (English: Broadcasting Authority of Ireland) nó An BAI ná rialtóir craolacháin na hÉireann. Bhí an BAI mar rialtóir le haghaidh craolacháin poiblí agus tráchtála araon in Éirinn. Bunaíodh an eagraíocht in 2009.

Bosca Sonraí EagraíochtaÚdarás Craolacháin na hÉireann / An BAI
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialála
údarás craolacháin Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Deireadh Fómhair 2009
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte15 Márta 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitCoimisiún na Meán Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
MáthaireagraíochtAn Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (–2020)
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (2020–2023) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbai.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: BAIreland Twitter: BAItweets Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig Coimisiún na Meán i gcomharbas ar An BAI i mí an Mhárta 2023.


Is iad príomhfheidhmeanna a bhí ag an BAI ná:


• seirbhísí raidió agus teilifíse sa bhreis ar na seirbhísí a sholáthraíonn RTÉ, TG4, Cainéal Theilifís an Oireachtais agus Cainéal Scannán na hÉireann a cheadúnú

• cóid agus rialacha craolacháin a shainiú

• tuairim a thabhairt maidir le feidhmíocht RTÉ agus TG4 bunaithe ar a gcuspóirí poiblí bliantúla sonraithe agus leordhóthanacht nó neamh-leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí atá ar fáil do Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí chun a gcuspóirí seirbhísí poiblí a chur i gcrích

• maoiniú a sholáthar agus a dheonú ar chláir agus ar chartlannú a bhaineann le cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann faoin Scéim um Maoiniú Craolachin

• monatóireacht agus forfheidhmiú chomhlíonadh na gcraoltóirí ceadúnaithe leis na cóid agus rialacha craolacháin agus/nó lena gconarthaí craolacháin

• socrú agus cinneadh a dhéanamh maidir le gearáin ó lucht féachana agus ó lucht éisteachta maidir le hábhar craolacháin ar sheirbhísí craolacháin na hÉireann

• tacú le forbairt na hearnála craolacháin trí thaighde agus oiliúint

• tacú leis an tuiscint atá ag an bpobal ar na meáin trí chomhoibriú le craoltóirí agus le hoideachasóirí.



Féach freisin

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar