10 minutes and 38 seconds in this strange world

Is úrscéal é 10 minutes and 38 seconds in this strange world leis an údar clúiteach Elif Shafak. Is de bhunús na Tuirce í ach scríobhadh an leabhar seo i mBéarla. Is scéal é faoi striapach in Istanbul tar éis a bás foiréigineach agus fós 10 nóiméad agus 38 soicind aici le smaoineamh siar ar a saol, sula stadann a hinchinn. Sa chéad leath den scéal breathnaíonn sí siar ar eachtraí áirithe i rith a saol ó lá a breithe ar aghaidh. I rith a saol gearr, faigheann sí bás in aois 43 bliana di, déanann sí dlúthchairdeas le cúigear daoine idir fir agus mná. Sa chuid seo den úrscéal tugann sí an-léargas dúinn ar shochaí an Tuirc agus an míchothromaíocht agus mí-úsáid a dhéantar ar daoine gan cumhacht tríd an comhras bunaithe ag agus ar sonn lucht an rachmais go háirithe na bfhear. Is tráchtas polatiúil agus feimineach é an leabhar seo. Tar éis bás Leila sa dara leath den leabhar déanann a cáirde í a athadhlachadh agus déanann siad chuile iarracht a hoidhreacht a choinneál beo.

WD Bosca Sonraí Leabhar10 minutes and 38 seconds in this strange world
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarElif Şafak Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Ainmnithe doDuais Booker Cuir in eagar ar Wikidata

Moladh an leabhar seo do ghearrliosta an Duais Booker 2019.