Tionscadal breathnóireachta spéire a bhí i gceist le 2MASS a thosaigh sa bhliain 1997 agus ar tháinig deireadh leis sa bhliain 2001. Seasann an giorrúchán sin 2MASS do na focail Bhéarla Two Micron All-Sky Survey nó Suirbhéireacht Dhá Mhicriméadar na hUile Spéire. Dhá theileascóp a bhí in úsáid le haghaidh na suirbhéireachta seo, ceann acu i Mount Hopkins, Arizona, leathsféar thuaidh an Domhain, agus an ceann eile i Cerro Tololo sa tSile, an leathsféar theas. Ba é an tionscadal seo an iarracht is uaillmhianaí i stair an chine dhaonna leis an spéir go léir a mhapáil, agus é bunaithe ar na sonraí a bhí le bailiú ar thrí thonnfhad infridhearg timpeall ar dhá mhicriméadar. Bhí an tsuirbhéireacht dírithe ar na cuspóirí seo leanas a bhaint amach:

  • réaltraí a aithint sa Ghannchrios, is é sin sa chuid den spéir atá clúdaithe ag dusta Bhealach na Bó Finne;
  • abhaic dhonna a fhionnadh is a aithint, is é sin réid fho-réaltacha - "réaltaí" beaga, cuid acu á dtimpeallú ag pláinéid, fiú, agus iad chomh beag, chomh fuar, is nach bhfuil comhleá ar bith ar siúl iontu. (Is é comhleá na núicléas hidrigine go núicléis héiliam is cúis leis an bhfuinneamh atá ag teacht as an nGrian, mar shampla.)
  • suirbhéireacht chuimsitheach a dhéanamh ar réaltaí beaga nach bhfuil mórán maise iontu (an cineál réaltaí is coitianta, cé nach mbíonn siad chomh cuidsúlach is na fathaigh ar chuala an saol mór a n-ainmneacha)
  • catalóg chuimsitheach na réaltaí is na réaltraí go léir a chur le chéile.
Íomhá de chuid 2MASS. Tá abhac donn le feiceáil sa chearnóg bheag dhearg. 2MASS J17111353 +2326333 a thugtar air i mbunachar sonraí 2MASS.