Is éard is an Cód Caighdeánach Meiriceánach um Idirmhalartú Faisnéise, nó ASCII (as Béarla, (American Standard Code for Information Interchange) ná ionchódú carachtar caighdeánach a d'fhoilsigh an United States of America Standards Institute (anois, ANSI i 1968. Is é an t-ionchódú seo an chéad leath de ISO-8859-1 (Latin 1), ar a bhunaítear an chéad leathanach de ISO 10646 (Unicode).

ASCII

Baintear úsáid as dhá shiombail sa chód, na giotáin 0 agus 1. Úsáidtear sraith seacht ngiotán le haghaidh carachtair a ionchódú. Is féidir 128 carachtar a chur in iúl: litreacha (idir chás íochtair agus chás uachtair), uimhreacha agus siombailí. Oireann an uimhir ghiotáin seo don bheart bunúsach ocht ngiotán. Úsáidtear an giotán breise chun comhartha a iompar sa ríomhaire, mar shampla le haghaidh seiceáil paireachta.