San Hiondúchas, séard is abhatár ann, (Hiondústáinis: ón Sanskrit अवतार avatāra "tuirlingt") ná tuirlingt diachta d'aon ghnó chun talaimh, nó tuairlingt na hArd-Beithe (m.sh., Visniú do na Visnivítí), agus is féidir brí an fhocail 'abhatár' a bheith aistrithe go Gaeilge mar "ionchollú", nó b'fhéidir, le bheith níos cruinne, mar "dealramh" nó "léiriú".

Deich avatár de Visniú (Matsya, Kurma, Varaha, Vamana, Krishna, Kalki, Búda, Parshurama, Rama & Narasimha). Péinteáil ó Jaipur, anois san Iarsmalann Victoria agus Albert