Abulfaz Elchibey

státaire Asarbaiseánach

Polaiteoir Asarbaiseánach, staraí agus iar-easaontóir Sóivéadach a bhí in Əbülfəz Elçibəy (Abulfaz Elchibey). Saolaíodh i Naxçıvan é ar an 24 Meitheamh 1938, agus shíothlaigh sé in Ankara sa Tuirc ar an 22 Lúnasa 2000.[1][2]

Infotaula de personaAbulfaz Elchibey

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(az) Əbülfəz Elçibəy
Beathaisnéis
Breith(az) Əbülfəz Qədirqulu oğlu Əliyev
24 Meitheamh 1938
Kalaki, An Asarbaiseáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Lúnasa 2000
62 bliana d'aois
Ankara, An Tuirc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaAlley of Honor (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
2 Uachtarán Phoblacht na hAsarbaiseáine
16 Meitheamh 1992 – 1 Meán Fómhair 1993
← Yaqub MammadovHeydar Aliyev → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Bakı Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilCandidate of Historical Sciences (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Bakı Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAzerbaijani Popular Front Party (en) Aistrigh (1995–2000)
Fronta Pobail na hAsarbaiseáine (1989–1995) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

B'é Əbülfəz Qədirqulu oğlu Əliyev a fhíorainm, ach mar scríbhneoir, bhaist sé an sloinne Elçibəy ("Teachtaire Uasal") air féin.

Uachtarán cuir in eagar

Léachtóir sa stair ba ea Elçibəy le linn na 1960-1980idí agus ina easaontóir diongbháilte san APSS ag an am céanna.

B'é an chéad uachtarán ar Asarbaiseáin a vótáladh isteach go daonlathach, ar an 17 Meitheamh 1992. Bhí sé féin ina intleachtóir leathanaigeanta, ach nuair a bhí sé ina Uachtarán, bhí an Asarbaiseáin díreach sáite i gcogadh leis an Airméin, rud a spreag an náisiúnachas go mór mór. Mar sin, bhí sé sásta náisiúnaithe pan-Turcacha a cheapadh mar Airí Rialtais.

Níor éirigh le rialtas Elçibəy, ach an oiread, cuma cheart chiallmhar a chur ar eacnamaíocht na tíre ná fiú an cogadh a bhuachan, agus bhí na hAirí náisiúnaíocha féin lofa le breabaireacht.

Ní raibh Elçibəy ábalta síocháin a choinneáil ná a chothú sa tír. I dtús an Mheithimh 1994, bhí na trúpaí Airméanacha ag ascnamh leo go tiubh isteach ar chríocha na hAsarbaiseáine. D'éalaigh Elçibəy féin as an bpríomhchathair le teacht slán.[3] Ní raibh Elçibəy ábalta an tír a rialú go héifeachtach, fiú le cabhair ó na comhairleoirí (ar bhaill de na Faolchúnna Liatha iad) a tháinig chuige ón Tuirc.

Bhí Elçibəy ag comhoibriú go dlúth leis na Faolchúnna Liatha, eagraíocht Fhaisisteach sa Tuirc. Bhí siad ag iarraidh na hiar-phoblachtaí Sóivéadacha, a bhfuil teangacha de phór Tuirceach á labhairt iontu, a aontú in aon tír amháin, an "Tuirceastáin Mhór".

Ansin, áfach, b'é an sean-mhaorlathach iar-Shóivéadach Heydər Əliyev a shealbhaigh an chumhacht i ndiaidh Elçibəy, agus i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain chéanna, gaireadh Uachtarán nua de go hoifigiúil.

 
uaimh

Meath cuir in eagar

D'fhill Elçibəy go Baku sa bhliain 1997 le dul le polaitíocht arís, agus é ina bhall de pháirtí an fhreasúra.

Sa bhliain 2000, haithníodh go raibh ailse phróstataigh air. Bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin é in Ankara sa Tuirc, áit a ndeachaigh sé ar lorg leighis.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Jonathan Steele (2000-08-26). "Abulfaz Elchibey" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-08-22.
  2. "Эльчибей, Абульфаз Гадиргулу оглы" (as ru) (2023-05-24). Википедия. 
  3. "Rise to power - Azerbaijan -". www.nationsencyclopedia.com. Dáta rochtana: 2023-08-22.