Comhairle teanga is ea L’Académie française (Gaeilge: Acadamh na Fraincise) a stiúrann an Fhraincis. Ba é an Cairdinéal de Richelieu a bhunaigh í sa bhliain 1635, rud a dhein sé i gcaitheamh réimeas Louis XIII. Tá sí ar cheann desna hinstitiúidí is ársa sa Fhrainc.

Bosca Sonraí EagraíochtaAcadémie française
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcumann léinn
acadamh náisiúntach
rialálaí teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrean Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlínational public establishment of an administrative nature (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1635
29 Eanáir 1635
22 Feabhra 1635
Bunaitheoir(í)Cairdinéal de Richelieu Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Saothar suntasach
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíAmin Maalouf (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Rúnaí buan an Académie française
suíochán 15 den Académie française
suíochán 14 den Académie française
suíochán 13 den Académie française
suíochán 21 den Académie française
suíochán 23 den Académie française
suíochán 22 den Académie française
suíochán 24 den Académie française
suíochán 25 den Académie française
suíochán 12 den Académie française
suíochán 10 den Académie française
suíochán 5 den Académie française
suíochán 4 den Académie française
suíochán 11 den Académie française
suíochán 6 den Académie française
suíochán 8 den Académie française
suíochán 7 den Académie française
suíochán 9 den Académie française
suíochán 3 den Académie française
suíochán 26 den Académie française
suíochán 28 den Académie française
suíochán 17 den Académie française
suíochán 16 den Académie française
suíochán 40 den Académie française
suíochán 18 den Académie française
suíochán 20 den Académie française
suíochán 19 den Académie française
suíochán 36 den Académie française
suíochán 27 den Académie française
suíochán 39 den Académie française
suíochán 35 den Académie française
suíochán 30 den Académie française
suíochán 29 den Académie française
suíochán 38 den Académie française
suíochán 31 den Académie française
suíochán 33 den Académie française
suíochán 32 den Académie française
suíochán 34 den Académie française
suíochán 37 den Académie française
Leas-Chathaoirleach ar an Académie française
suíochán 1 den Académie française
Jean d'Ormesson (1973–)
Michel Déon (1978–)
Jean-Denis Bredin (1989–)
Hélène Carrère d'Encausse (1990–)
Michel Serres (1990–)
Pierre Rosenberg (1995–)
Marc Fumaroli (1995–)
Jean-Marie Rouart (1997–)
Érik Orsenna (1998–)
René de Obaldia (1999–)
Florence Delay (2000–)
Gabriel de Broglie (2001–)
Yves Pouliquen (2001–)
Pierre Nora (2001–)
Angelo Rinaldi (2001–)
Frédéric Vitoux (2001–)
François Cheng (2002–)
Valéry Giscard d'Estaing (2003–)
Dominique Fernandez (2007–)
Max Gallo (2007–)
Jean Clair (2008–)
Jean-Loup Dabadie (2008–)
Jean-Christophe Rufin (2008–)
Jean-Luc Marion (2008–)
Claude Dagens (2008–)
Simone Veil (2008–)
François Weyergans (2009–)
Amin Maalouf (2011–)
Danièle Sallenave (2011–)
Jules Hoffmann (2012–)
Dany Laferrière (2013–)
Michael Edwards (2013–)
Xavier Darcos (2013–)
Dominique Bona (2013–)
Marc Lambron (2014–)
Alain Finkielkraut (2014–)
Andreï Makine (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deInstitut de France (1795–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinacademie-francaise.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Youtube: UCHVmUV06bYmHiOSsT0PcxZg Cuir in eagar ar Wikidata
L'Institut de France, áras ina bhfuil lonnaithe an Académie française.
Cardinal de Richelieu
Foclóir, 1835

Tá 40 ball inti agus is iad na baill atá inti cheana féin a thoghann baill nua.[1]

Feidhmeanna cuir in eagar

De réir alt XXIV desna Statuts, is é "an phríomhfheidhm ag an Acadamh a bheith ag obair, chomh cáiréiseach is chomh dícheallach agus is féidir, chun rialacha chinnteacha a thabhairt dár dteanga agus chun fíortheanga líofa, teanga in ann na ceirdeanna agus na heolaíochtaí a chur síos, a dhéanamh di leis."[2]

In aice leis an ailt thuas, bíonn an Académie française ag déanamh freastail ar an bhFraincis. Le cois an fheidhm sin, bíonn an tAcadamh ina pátrún ar an teanga leis.

 
scigphictiúr sa bhliain 1834.... conspóideach i gcónaí

Freastal a dhéanamh ar an bhFraincis cuir in eagar

D'oibrigh an tAcadamh san am atá thart le caoi a chur ar an teanga, chun oidhreacht choitianta a dhéanamh di do mhuintir na Fraince ar fad, agus dóibh siúd ar fad a labhraíonn an Fhraincis.

 
ball faoi éide ghléasta

Sa lá atá inniu ann, is é gá ná a cuid tréithe a choinneáil agus feigheal a dhéanamh ar fhorbairtí riachtanacha. Cuireann an tAcadamh úsáid mhaith in iúl. Déantar sin trí chruthú fhoclóir an Acadaimh Fhrancaigh (Dictionnaire de l'Académie française) a shocraíonn úsáid na teanga, ach freisin trína chuid comhairle agus tré bheith páirteach i gcoimisiúin éagsúla ar fhoclaíocht.

Patrúnacht cuir in eagar

Cuireadh i ndán don eagraíocht an dara cuspóir - an phátrúnacht, nó coimirce ar obair liteartha - nár feiceadh a gá ag tús na heagraíochta, tré bhronntanais agus oidhreachtaí a tugadh di. Bronnann an tAcadamh tuairim is seasca duais litríochta 'chuile bhliain ar dhaoine.

Ba chóir Grand prix de la francophonie (Gaeilge: 'Duais Mór Réimse na Fraincise'), duais a bhronntar 'gach bliain ó 1986 i leith agus a thugann le fios suim leanúnach an Acadaimh i mbláthú na Fraincise sa domhain, a lua go háirithe.

Chomh maith leis sin, tugann an tAcadamh síntiúis do chumainn liteartha agus eolacha, do thograí charthanacha, do go leor clann i ngátar, do bhaintrigh, do dhaoine in ísle fabhair nó a rinne éacht lena dtabhairt féin suas ag cuspóir thábhachtach, chomh maith le roinnt sparáin (Sparáin Zellidja, Neveux, Corblin, Damade).

Stair cuir in eagar

Chuir Cairdinéal de Richelieu an tAcadamh ar bun sa bhliain 1635. Cuireann na dlíthe agus rialacha a chuir an Cairdinéal ar aghaidh, chomh maith leis na lettres patentes a chuir Louis XIII a ainm leo sa bhliain 1635 agus a chláraigh an Pharlaimint sa bhliain 1637, a carachtar oifigiúil mar chomhlacht um fhir litreacha, a bhíodh ag teacht le chéile i mbealach neamhfhoirmiúil roimhe sin, ar bun.

B'é an misean a tugadh dó óna thús an Fhraincis a dhaingniú, rialacha a thabhairt di, agus í a fhágáil glan agus ion-tuigthe don uile dhuine. Uaidh sin, b'éigean dó tosú le foclóir a chumadh.

Foilsíodh an chéad eagrán de sin sa bhliain 1694, agus na cinn eile sna blianta 1718, 1740, 1762, 1798, 1835, 1878, 1932-1935, 1992. Tá an naoú cheann den fhoclóir á fhoilsiú faoi láthair.

Tionóladh an tAcadamh a chuid cruinnithe ar dtús i dteach duine éigin dá chuid ball, agus ina dhiaidh sin i chancelier Séguier ó 1639 ar aghaidh, sa Louvre ó 1672 ar aghaidh, agus ar deireadh i gColáiste na gCeithe NáisiúnCollège des Quatre-Nations, ar deineadh ceannáras an Acadaimh de, ó 1805 go dtí an lá atá inniu ann.

I rith na dtrí gcéad bliain go leith atá sé ar an saol, d'éirigh leis a chuid institiúide a choinneáil beo, agus d'fheidhmigh siad go rialta, seachas an mhíshocracht idir 1793 agus 1803.

D'fhógair an Cairdinéal de Richelieu mar chosantóir ar an Acadamh é féin. Ar a bhás, b'é an seansealéar Séguieran a thug an chosaint seo dó, agus ansin Louis XIV agus, as sin amach, na ríthe, impirí agus cinn stát ar fad ar an bhFrainc.

Na Déithe Buana (Les Immortels)[3] cuir in eagar

Tá 40 baill san Acadamh ar a mhéad agus is iad na baill atáid ann iad féin a thoghann ball nua más gá. Óna thús anall, ghlac sé le níos mó ná 700 ball.

Tugann sé le chéile filí, úrscéalaithe, fir amharclainne, fealsúnaithe, dochtúirí leighis, fir eolaíochta, eitneolaithe, léirmheastóirí ealaíne, saighdiúirí, fir stát, agus fir Eaglaise, agus rinne gach duine acu maisiú ar leith ar an bhFraincis.

Óna dhéantús éagsúil, tugann sé pictiúir fíor den taileann, den intleacht, den chultúr, den tsamhlaíocht litreach agus eolaíoch atá mar bhonn ag le génie de la France.

Ón gcomhartha agus mana (« À l'immortalité ») atá ar an gclaidheamh a thug bunaitheoir an Acadaimh, an Cairdinéal de Richelieu, don Acadamh a thagann leasainm na scoláirí, na Déithe Buanales immortels.

 
1768, foclóir

Bíonn cleachtadh acu, agus tá go fóill, ar bhreithiúnais soiléir a thabhairt ar úsáid cheart focal, agus as sin ar na coincheapa agus na luachanna a iompraíonn siadsin a shainmhíniú. Tá a n-údarás morálta in ábhair teanga bunaithe in úsáid agus i dtraidisiún.

Dearadh an ionnar ghlas cháiliúil, a iompraíonn na scoláirí, leis an bicorne, an cába agus an chlaíomh, i rith suíomh shollúnta bliantúil an Acadaimh faoin Coupole, in aimsir an Consulat. Úsáidtear i measc baill go léir an Institut de France (Gaeilge: 'Institiúid na Fraince') é. Meastar go minic gur sórt choisreacan thar chách é toghadh duine go dtí an tAcadamh.

Is dínit atá buan ó aon athrú rialtas nó eile é feabhas scoláire. Ní féidir le haon duine éirí as an Acadamh. Ach is féidir leis an gcomplacht eisceachtaí a fhógairt mar gheall ar chúiseanna troma a lotann onór; b'fhíor-annamh na heisceachtaí le linn na staire.

Baill Reatha an Acadaimh cuir in eagar

Cathaoir Ball Dáta dá thoghadh

(dá toghadh)

Duine a chuir fáilte roimhe

(roimpi)

Dáta dá fháiltiú

( dá fáiltiú)

Óráid fháiltithe

agus Freagra[4]

1 Claude Dagens 17ú Aibreán 2008 Florence Delay 14ú Bealtaine 2009 [*]
2 Dany Laferrière 12ú Mí na Nollag 2013 Amin Maalouf 28ú Bealtaine 2015 [*]
3 Jean-Denis Bredin 15ú Meitheamh 1989 Pierre Moinot 17ú Bealtaine 1990 [*]
4 Jean-Luc Marion 6ú Samhain

2008

Claude Dagens 21ú Eanáir 2010 [*]
5 Andreï Makine 3ú Márta 2016 Dominique Fernandez 15ú Mí na Nollag 2016 [*]
6 Marc Fumaroli 2ú Márta 1995 Jean-Denis Bredin 25ú Eanáir 1996 [*]
7 Jules Hoffmann 1ú Márta 2012 Yves Pouliquen 30ú Bealtaine 2013 [*]
8 Folamh
9 Folamh
10 Florence Delay 14ú Mí na Nollag 2000 Hector Bianciotti 15ú Samhain 2001 [*]
11 Gabriel de Broglie 22ú Márta 2001 Maurice Druon 7ú Feabhra 2002 [*]
12 Jean d'Ormesson 18ú Deireadh Fómhair 1973 Thierry Maulnier 6ú Meitheamh 1974 [*]
13 Folamh
14 Hélène Carrère d'Encausse 13ú Mí na Nollag 1990 Michel Déon 28ú Samhain 1991 [*]
15 Frédéric Vitoux 13ú Mí na Nollag 2003 Michel Déon 27ú Márta 2003 [*]
16 Valéry Giscard d'Estaing 11ú Mí na Nollag 2003 Jean-Marie Rouart 16ú Mí na Nollag 2004 [*]
17 Erik Orsenna 28ú Bealtaine 1998 Bertrand Poirot-Delpech 17ú Meitheamh 1999 [*]
18 Michel Serres 29ú Márta 1990 Bertrand Poirot-Delpech 31ú Eanáir 1991 [*]
19 Jean-Loup Dabadie 10ú Aibreán 2008 Frédéric Vitoux 12ú Márta 2009 [*]
20 Angelo Rinaldi 21ú Meitheamh 2001 Jean-François Deniau 21ú Samhain 2002 [*]
21 Alain Finkielkraut 10ú Aibreán 2014 Pierre Nora 28ú Eanáir 2016 [*]
22 René de Obaldia 24ú Meitheamh 1999 Bertrand Poirot-Delpech 15ú Meitheamh 2000 [*]
23 Pierre Rosenberg 7ú Mí na Nollah 1995 José Cabanis 14ú Samhain 1996 [*]
24 Folamh
25 Dominique Fernandez 8ú Márta 2007 Pierre-Jean Rémy 13ú Mí na Nollag 2007 [*]
26 Jean-Marie Rouart 18ú Mí na Nollag 1997 Hélène Carrère d'Encausse 12ú Samhain 1998 [*]
27 Pierre Nora 7ú Meitheamh 2001 René Rémond 6ú Meitheamh 2002 [*]
28 Jean-Christophe Rufin 19ú Meitheamh 2008 Yves Pouliquen 12ú Samhain 2009 [*]
29 Amin Maalouf 23ú Meitheamh 2011 Jean-Christophe Rufin 14ú Meitheamh 2012 [*]
30 Danièle Sallenave 7ú Aibreán 2011 Dominique Fernandez 29ú Márta 2012 [*]
31 Michael Edwards 21ú Feabhra 2013 Frédéric Vitoux 22ú Bealtaine 2014 [*]
32 François Weyergans 26ú Márta 2009 Erik Orsenna 16ú Meitheamh 2011 [*]
33 Dominique Bona 18ú Aibreán 2013 Jean-Christophe Rufin 23ú Deireadh Fómhair 2014 [*]
34 François Cheng 13ú Meitheamh 2002 Pierre-Jean Rémy 19ú Meitheamh 2003 [*]
35 Yves Pouliquen 29ú Samhain 2001 Michel Mohrt 30ú Eanáir 2003 [*]
36 Folamh
37 Folamh
38 Marc Lambron 26 Meitheamh 2014 Erik Orsenna 14ú Aibreán 2016 [*]
39 Jean Clair 22 Bealtaine 2008 Marc Fumaroli 18ú Meitheamh 2009 [*]
40 Xavier Darcos 13ú Meitheamh 2013 Jean-Loup Dabadie 12ú Feabhra

2015

[*]

"An 41ú chathaoir" cuir in eagar

Bhí go leor scríbhneoirí, cáiliúil go minic, nár éirigh leo ariamh dul trí gheataí an Acadaimh uasail, ar chúiseanna éagsúla, mar nárbh iarrthóirí riamh iad, mar nár glacadh lena n-iarratais, nó mar gur thóg an bás leis iad roimh a n-am. B'é Arsène Houssaye a cheap an t-ainm 41ú chathaoir chun na húdair sin a chur i gcéill i L'histoire du 41ème fauteuil de l'Académie française in 1885.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Conradh na Gaeilge, Londain (19 Feabhra 2022). "‎Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-02-21.
  2. 'Statuts et règlements' - i bhFraincis
  3. nó na ‘buanlaochra’ ... Conradh na Gaeilge, Londain (2022). "‎Nuacht Mhall: 19 Feabhra 2022 (Gaillimh) on Apple Podcasts" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-02-21.
  4. Nílid na hóráidí agus na freagraí ar fáil ach i bhFraincis amháin.

Naisc sheachtracha cuir in eagar